Ag tabhairt Aitheantas dár n-Oibrí Deonacha – Gradaim an Chathaoirligh 2023

Ag tabhairt Aitheantas dár n-Oibrí Deonacha – Gradaim an Chathaoirligh 2023

Tá fógra tugtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh an Clr. Gerard Mullaney faoi Ghradaim an Chathaoirligh 2023.

Dúirt an Comhairleoir Mullaney “Ta aithne againn go léar ar dhaoine spéisiálta a thugann séirbhís thar barr dá bpobail, agus tugann Scéim na nGradam an deis, aitheantas a thabhairt daoibh siúd, dá n-iarrachtaí. Cuimsíonn catagóir na nGradam limistéir leathan de ghníomhaíochtaí deonacha agus táim ag cur ceist ar dhaoine an t-am a ghlacadh foirm ainmniúcháin a chur faoinar mbráid le hainm duine nó grúpa a bhfuil ardmeas acu orthu”

Tá sé misniúil go bhfuil an-chuid daoine ag tabhairt suas a gcuid ama agus fuinnimh chomh neamhleithleach dá bpobail agus mar sochaí níor cheart dúinn sin a ghlacadh mar thalamh slán. Tá sé tábhachtach go dtugann muid aitheantas agus moladh dár mórán oibrí deonacha”

Is hiad catagóir na nGradam ná:

  • Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht agus an Ghaeilge
  • Pobal (Duine Aonarách)
  • Pobal (Grúpa)
  • An Timpeallacht, Geilleagar Ciorclach agus Gníomhú ar son na hAeráide
  • Scoileanna/ Fiontar na n-Óg
  • Foilseacháin Áitiúla
  • Spóirt
  • Spiorad Shligigh

Is féidir an fhoirm ainmniúcháin a chomhlíonadh ag an nasc thíos nó trí ghlao a chur ar Comhairle Contae Shligigh ag 071 911 1111 nó trí r-phost a chuir chuig corporate@sligococo.ie

Chomh maith leis an gCathaoirleach, tá na comhairleoirí seo a leanas mar bhaill de Choiste na nGradam: Clr Declan Bree, Clr Marie Casserly, Clr Arthur Gibbons, Clr Gino O'Boyle, Clr Rosaleen O’Grady, Clr Joe Queenan, Clr Thomas Walsh.                          

Is é an Aoine 17ú Samhain 2023 an dáta deiridh le haghaidh na hainmniúcháin a bheith curtha faoi bhráid an Chomhairle.

 

Gradaim an Chathaoirligh 2023 - Foirm Ainmniúcháin