WDR Opened - Jan 2021

Bóthar Dáileacháin an Iarthair Oscailte do Thrácht

Bóthar Dáileacháin an Iarthair Oscailte do Thrácht Mhol an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady & Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey

Osclaíodh Bóthar Dáileacháin an Iarthair (Sligeach) do thrácht ar thráthnóna Luain, an 11 Eanáir. Déanfar oscailt oifigiúil fhoirmeálta a reáchtáil a luaithe a mhaolófar na srianta sláinte poiblí.

The road will link the N4 National Primary Road at the Caltragh interchange with the Roger Eames road Ballydoogan and to the R292 Strandhill Road, and consists of 1.9km of single urban distributor road between the existing N4 junction (Caltragh) and the existing Ballydoogan Road

Nascfaidh an bóthar nua an Príomhbhóthar Náisiúnta N4 ag acomhal na Cealtraí le Bóthar Ruairí Mhic Éamais, Baile Uí Dhúgáin, agus leis an R292 Bóthar an Leathrois. Is é atá sa bhóthar nua 1.9km de bhóthar dáileacháin uirbeach aonair idir an t-acomhal N4 reatha (An Chealtrach) agus Bóthar Bhaile Uí Dhúgáin.

Ag labhairt dó faoi seo, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey,

‘Is den ríthábhacht straitéiseach don réigiún seo Bóthar Dáileacháin an Iarthair. Soláthróidh sé rochtain ardcháilíochta ar an bPáirc Ghnó IDA nua atá beartaithe ag Páirc Dhoire Darach agus ar an bPáirc Ghnó IDA reatha i bhFionasclainn.’

Mhol an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, an Fhoireann Tionscadail as ‘a n-obair iontach i gcúinsí thar a bheith dúshlánach ‘agus dúirt sí go

‘laghdódh an bealach nua an brú tráchta ar Bhóthar Faoisimh Laistigh Shligigh agus ar na bealaí eile taobh leis, agus go soláthródh sé rochtain i bhfad níos fearr ar limistéar thiar theas an cheantair uirbigh.’