COVID-Level5

Oifigí na Comhairle ar oscailt faoi réir rochtain shrianta i rith Covid Leibhéal 5

Oifigí na Comhairle ar oscailt faoi réir rochtain shrianta i rith Covid Leibhéal 5

Tar éis don Rialtas srianta Covid leibhéal 5 a thabhairt isteach ó mheánoíche ar an gCéadaoin, tá Comhairle Contae Shligigh tar éis a dhearbhú go bhfanfaidh a hoifigí ar oscailt don phobal ach go mbeidh rochtain shrianta i gceist. Beidh na hÚdaráis Áitiúla ag cur a gcuid seirbhísí ar fáil ar bhealach difriúil, agus i gcomhréir leis na treoirlínte reatha maidir leis an tsláinte phoiblí, ní bheifear in ann dul isteach in oifigí na Comhairle ach amháin má tá coinne déanta chuige sin roimh ré.

Tréimhse chriticiúil

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Ciarán Hayes, ag tathant ar mhuintir Shligigh a gcion féin a dhéanamh ar mhaithe leis an iarracht náisiúnta sna laethanta agus sna seachtainí atá romhainn amach. ‘Is tréimhse sé seachtaine ríthábhachtach atá romhainn agus muid ag iarraidh, mar thír, dul i ngleic le dúshlán Covid 19. Tuigimid na deacrachtaí a bheidh ann dár gcustaiméirí agus don phobal i gcoitinne dá bharr, ach beimid ar theann ár ndíchill ag iarraidh a chinntiú go leanfaimid dár bpríomhsheirbhísí a sholáthar go héifeachtach laistigh de na treoirlínte nua. Cé go mbeidh rochtain shrianta ar ár n-oifigí i gceist, beimid ar fáil ach coinne a dhéanamh le dul chun cainte linn, agus beifear in ann dul i dteagmháil lenár bhfoireann ar an nguthán agus trí ríomhphost, agus dar ndóigh, tá go leor dár seirbhísí ar fáil ar líne.’

Tacaíocht phobail

Dhírigh an Cathaoirleach aird ar a thábhachtaí atá sé an chomhairle uile a leanúint sna seachtainí atá romhainn i dtaca le lámha a ní, conas casacht go cuí agus scaradh sóisialta a chleachtadh.

‘Is é leas gach saoránaigh an phríomhsprioc, agus is gá dúinn a chinntiú go ndéantar na daoine is leochailí inár bpobal a chosaint.’

Ag labhairt dó faoi seo, dúirt an Príomhfheidhmeannach

‘Nuair a tugadh na srianta diana isteach i mí an Mhárta, b’ábhar dóchais dúinn ar fad é an chaoi nuálach chruthaitheach inar oibrigh pobail as lámha a chéile chun tacú le chéile.

Arís eile, beidh an iarracht sin á comhordú ag Comhairle Contae Shligigh agus ag gníomhaireachtaí áitiúla tríd an bhFóram Freagartha Pobail, a mbeidh béim á leagan aige ar shláinte, fholláine agus theacht aniar an phobail.’ 

Is é uimhir shaorghlao na Freagartha Pobail ná 1800 292 765.

Seirbhísí ar líne

Cé go bhfuil Comhairle Contae Shligigh ar oscailt, tá rochtain ar an gComhairle á bainistiú mar go bhfuil na srianta Covid i bhfeidhm. Má tá ceisteanna ag custaiméirí maidir le hIasachtaí Tithíochta, Cíos, Rátaí, Mótarcháin nó Fíneálacha Páirceála, iarrtar orthu dul i dteagmháil linn i scríbhinn, ar an nguthán nó trí ríomhphost, agus moltar dóibh freisin dul chuig láithreán gréasáin agus chuig ardáin mheán sóisialta na Comhairle chun teacht ar fhaisnéis nuashonraithe.

Comhairle Contae Shligigh
22 Deireadh Fómhair 2020

CCS - Sonraí Teagmhála (PDF) - 1,133 kbs  PDF