Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey
AT Management - Jobs for Sligo
Fáilte curtha ag an gCathaoirleach roimh fhógra post nua

"Dea-scéal amach is amach do Shligigh an fógra ó AT Management. Ardú croí tráthúil é go bhfuil 40 post le cruthú tráth a bhfuil an contae ag teacht amach as géarchéim COVID-19. Nuair a chuirtear an maoiniú mór a fógraíodh cúpla seachtain ó shin san áireamh, tá dearcadh an-dearfach ann dár bpobal agus is léir go bhfuil ag éirí linn stádas Shligigh a dhaingniú mar ionad fáis an Iarthuaiscirt."
Mhol an Cathaoirleach an IDA agus Oifig Fiontair Áitiúil Chomhairle Contae Shligigh as na hiarrachtaí a dhéanann siad go leanúnach le poist inbhuanaithe a mhealladh chun an réigiúin seo.