Oifigeach Riaracháin Grád VII

Iarrtar iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu ar iad a chur ar áireamh ar phainéil óna bhféadfar tairiscintí fostaíochta a thabhairt le haghaidh an post seo a leanas laistigh de Chomhairle Chontae Shligigh:

Oifigeach Riaracháin (Grád VII)

Is féidir foirmeacha iarratais, mionsonraí faoi cháilíochtaí agus mionsonraí iomlána faoin post thuas a fháil ón Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Chontae Shligigh, trí ghlao a chur ar 071 9111025 / 071 9111073 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig jobs@sligococo.ie.

Is féidir foirmeacha a íoslódáil thíos, chomh maith:

Administrative Officer - Candidate Information Booklet (PDF) - 123 kbs  PDF
Administrative Officer - Application Form (DOCx) - 86 kbs  WORD

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe ar na poist thuas a sheoladh ar ais chuig an Rannóg Achmhainní Daonna trí ríomhphost amháin chuig jobs@sligococo.ie tráth nach déanaí ná 4.30 p.m. Déardaoin an 9ú Bealtaine 2024.

 

FOSTÓIR COMHDHEISEANNA IS EA COMHAIRLE CHONTAE SHLIGIGH