Buan-Orduithe Ceantar Bardasach

English

IMEACHTAÍ COMHALTAÍ AN CHEANTAIR BHARDASAIGH Á RIALÁIL

Cruinnithe Chomhaltaí an Cheantair Bhardasaigh 

  1. Mura socraítear a mhalairt de réir reachta nó rúin ó chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ar aon ócáid, tionólfar Gnáthchruinnithe de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ar an tríú Luan de gach re mí, gan Lúnasa san áireamh.  Déanfar sceideal Gnáthchruinnithe chomhaltaí an cheantair bhardasaigh don bhliain dár gcoinn a fhaomhadh ag gach Cruinniú Bliantúil.1 

Cruinniú Bliantúil 

  1. I ngach bliain ina dtionóltar toghchán áitiúil tionólfar an Cruinniú Bliantúil ar an dáta a shonraíonn Comhairle Chontae Shligigh, dáta nach deireanaí ná deich lá tar éis Cruinniú Bliantúil na Comhairle, agus ní ar lá eisiata.

    I ngach bliain eile beidh an Cruinniú Bliantúil ar siúl ar cibé lá, i mí na Bealtaine nó i mí an Mheithimh, a cheaptar de réir rúin nó a shocraítear de réir buanorduithe.

    Nuair nach dtionóltar Cruinniú Bliantúil ar an lá ceaptha, ar chúis ar bith, déanfaidh an riarthóir cruinnithe, tar éis dul i gcomhairle leis an gCathaoirleach, nó má bhíonn oifig an Chathaoirligh folamh nó mura mbíonn sé/sí in ann feidhmiú, leis an Leas-Chathaoirleach, cruinniú a ghairm ar an lá caothúil is luaithe a mheasann an riarthóir a bheith oiriúnach chun na críche sin.

    I mbliain toghcháin, foilseoidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh fógra faoina gCruinniú Bliantúil ar láithreán gréasáin Chomhairle Chontae Shligigh díreach tar éis don Chomhairle dáta don chruinniú seo a shocrú.  Luafaidh an fógra dáta agus ionad an Chruinnithe Bhliantúil, gurb é toghadh an Chathaoirligh céad ghnó an chruinnithe agus nuair is cuí, sonróidh sé na comhlachtaí a bhfuil comhaltaí an cheantair bhardasaigh i dteideal ceapacháin a dhéanamh chucu ag an gcruinniú sin nó dá éis.  Beidh an fógra ar aon dul leis an gceann a d’fhoilsigh an Chomhairle chun fógra a thabhairt faoina Cruinniú Bliantúil siúd.

    Maidir le Cruinniú Bliantúil i mbliain toghcháin agus go dtí go dtoghtar Cathaoirleach ag an gcruinniú sin, is comhalta den cheantar bardasach, nó fostaí de chuid na Comhairle arna roghnú ag an gcruinniú chun na críche seo, a ghlacfaidh an Chathaoir don tréimhse seo.  Ní bheidh an dara vóta nó vóta réitigh ag aon chomhalta a roghnaítear le bheith sa chathaoir ag cruinniú bliantúil faoin bhfomhír seo agus ní bheidh aon vóta ag aon fhostaí de chuid na Comhairle má roghnaíodh é de réir na fomhíre seo.

    Ag Cruinniú Bliantúil i mbliain toghcháin is é toghadh an Chathaoirligh an chéad ghnó agus toghadh Leas-Chathaoirligh an chéad ghnó eile.

    Maidir le Cruinniú Bliantúil i mbliain toghcháin, áireofar sa ghnó a bheidh le déanamh tar éis toghadh an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh ná go ndéanfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh breithniú ar thoghadh, ceapadh nó ainmniú chomhaltaí de chomhlachtaí a thogh, a cheap nó a d’ainmnigh comhaltaí an cheantair bhardasaigh.

Cruinniú leis an Dréachtphlean Buiséadach a phlé 

  1. Rachaidh an Príomhfheidhmeannach i gcomhairle le comhaltaí an cheantair bhardasaigh in ullmhú dréachtbhuiséid Chomhairle Contae Shligigh agus ullmhófar dréachtphlean buiséadach chun na críche sin.  Ceadóidh an dréachtphlean buiséadach seo do chomhaltaí an cheantair bhardasaigh an bealach ina gcaithfear an Liúntas Bardasach Ginearálta a chinneadh.  Déanfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh an dréachtphlean buiséadach a bhreithniú laistigh den tréimhse a chinneann an tAire agus tabharfar an plé chun críche 21 lá ar a laghad roimh an dáta a leagadh síos do chruinniú buiséadach Chomhairle Contae Shligigh.  

Cruinniú Speisialta 

  1. Is féidir leis an gCathaoirleach, nó má bhíonn oifig an Chathaoirligh folamh nó mura mbíonn sé/sí in ann feidhmiú, leis an Leas-Chathaoirleach, nó leis an gCathaoirleach de thoradh iarratas i scríbhinn a chuireann trí chomhalta ar bith den cheantar bardasach ina láthair, Cruinniú Speisialta de chomhaltaí an Cheantair Bhardasaigh a ghairm ag am ar bith.

    I gcás go ndiúltaíonn nó go mainníonn an Cathaoirleach gníomhú de thoradh iarratais taobh istigh de 7 lá ó é a fháil, féadfaidh na comhaltaí ón gceantar bardasach a rinne an t-iarratas cruinniú a ghairm.  Tá feidhm ag forálacha mhír 6 de Sceideal 10 maidir le cruinniú dá leithéid a ghairm.

Am an Chruinnithe 

  1. Is é 11.00am uair an chruinnithe ag comhaltaí an cheantair bhardasaigh nó aon uair eile a shocrófar ó am go chéile trí rún a ritheann comhaltaí an cheantair bhardasaigh.  Ní éireoidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh níos deireanaí ná 2.00pm.  

Áit an Chruinnithe agus Seoladh na bPríomhoifigí 

  1. A mhéid is indéanta is i Halla na Cathrach, Sligeach a thionólfar cruinnithe de Cheantar Bardasach Shligigh, agus is i dTeach Laighne, Tobar an Choire a thionólfar cruinnithe Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire.  Is ann a thionólfar cruinnithe ansin de ghnáth, ach féadfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh ó am go chéile rún a rith chun ionad malartach do chruinniú ar leith a roghnú.

    Is é Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach seoladh príomhoifigí Chomhairle Contae Shligigh chun críocha na mBuan-Orduithe seo.

Cruinniú a Ghairm 

  1. Cuirfear fógra faoi fhreastal ar chruinniú, seachas cruinniú chun an dréachtphlean buiséadach a bhreithniú, chuig gach comhalta den cheantar Buiséadach ar mhodh leictreonach, lena n-áirítear rphost agus áis eislín.

    Sonróidh an fógra ionad, dáta agus uair an chruinnithe agus tabharfar fógra nach lú na 3 lá ghlana.  Ní fhágfar as an áireamh sa 3 lá ghlana ach (i) gnáthlá leis an bhfógra a fháil, agus (ii) lá an chruinnithe.

    Maidir le cruinniú faoi dhréachtphlean buiséadach tabharfar fógra 7 lá.

    Beidh Clár ar fáil san fhógra, nó in éineacht leis an bhfógra, a thugann liosta den ghnó a bheidh le déanamh ag an gcruinniú.  Faoi réir ag Buan-Ordú 20 ní dhéanfar aon ghnó ag cruinniú seachas é sin atá sonraithe sa Chlár a bhaineann leis an gcruinniú nó gnó a éilíonn an tAcht, nó ar shlí eile le dlí atá le déanamh ag an gcruinniú.

    Is féidir Clár a seoladh nó a seachadadh chun na críche seo a athrú (cibé le cur leis, baint uaidh nó eile) má dhéantar Clár a shonraíonn an t-athrú a sheoladh nó a sheachadadh chuig gach comhalta nach lú na 3 lá ghlana roimh an lá ar a bhfuil an cruinniú le tionól.

    Maidir le Cruinniú Speisialta a gaireadh trí fhoréileamh faoi Bhuan-Ordú 4, cuirfear cóip den fhoréileamh leis an bhfógra.
  2. Beidh síniú an riarthóra cruinnithe ar fhógra agus áireofar, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, gur eisíodh go cuí aon cháipéis a mhaíonn go bhfuil an síniú sin uirthi nó gur tugadh é le húdarás chomhaltaí an cheantair bhardasaigh.

    Ní chuireann easpa seirbhíse nó gan fógra a fháil ag aon chomhalta, nó aon easpa eile san fhógra isteach ar bhailíocht chruinnithe nó ar aon ghníomh nó rud a dhéantar ag an gcruinniú.

    Chun críocha an Bhuan-Orduithe seo áirítear le “síniú” r-shíniú nó macasamhail ar shíniú cibé cén próiseas inar cuireadh ar fáil é nó leagan clóite d’ainm an riarthóra cruinnithe.

Fógra Poiblí maidir le Cruinniú 

  1. Léireofar fógra poiblí le hionad, dáta agus am cruinnithe tráth nach lú ná 3 lá ghlana roimh lá an chruinnithe in nó ag ionad an chruinnithe de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh, ar láthair atá áisiúil le go scrúdódh an pobal é i rith gnáthuaireanta oifige.

    Áireofar san Fhógra Clár an chruinnithe nó sonrófar ann áit inar féidir an Clár a iniúchadh, agus maidir le cruinniú ar fhoréileamh faoi Bhuan-Ordu 4, beidh cóip den fhoréileamh san áireamh sa Chlár nó beidh sé in éineacht leis.

    Déanfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh, faoi réir ag aon socruithe a dhéanfaidh sé, cóip d’fhógra poiblí agus de chlár a chur ar fáil do na meáin.

Comhdhéanamh Cruinnithe 

  1. Glacfaidh an Cathaoirleach an Chathaoir ag cruinniú de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh taobh istigh de thríocha nóiméad tar éis an ama a bhí ceaptha do chruinniú dá leithéid nó má bhíonn sé/sí as láthair glacfaidh an Leas-Chathaoirleach an chathaoir nó comhalta a n-iarrtar air trí réiteach ginearálta nó vóta na gcomhaltaí atá i láthair dul i gceannas ar an gcruinniú agus fágfaidh an comhalta sin an chathaoir ar theacht i láthair don Chathaoirleach nó don Leas-Chathaoirleach ag an gcruinniú.
  2. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí atá i láthair a thaifeadadh i gclár. 
  3. Is é ceathrar an córam do chruinnithe Cheantar Bardasach Shligigh; triúr an córam do chruinnithe Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire.

    Nuair a thréigtear cruinniú de chomhaltaí ceantair bhardasaigh toisc gan córam a bheith ar fáil déanfaidh an riarthóir cruinnithe ainmneacha iad siúd a bhí i láthair ag an am agus ag an áit a ceapadh don chruinniú sin a thaifeadadh agus chun gach críche measfar gur fhreastal siad ar chruinniú arna comhdhéanamh go cuí.

    Más rud é nach mbíonn córam i láthair laistigh de thríocha nóiméad tar éis an ama a socraíodh don chruinniú [nó ag am ar bith le linn an chruinnithe,] cuirfear an cruinniú ar atráth go dtí lá a ainmneoidh an Cathaoirleach.

Riar na hOibre 

  1. Is é seo a leanas Riar na hOibre ag gach cruinniú seachas Cruinnithe Bliantúla agus Cruinnithe Speisialta, faoi réir fhorálacha aon achtachán:
    1. Deimhniú Miontuairisí.
    2. Breithniú ar Thuarascálacha agus ar chur i láthair ón bhFeidhmeannas. 
    3. Gnó a fhorordaítear le Reachtaíocht, Buanorduithe nó Rúin ó Chomhaltaí an Cheantair Bhardasaigh le déanamh ag an gcruinniú sin.
    4. Gnó eile a leagadh síos san Fhógra leis an gcruinniú a ghairm.
    5. Fógraí Tairisceana.
    6. Comhfhreagras.

    Maidir le cruinniú a gaireadh chun críche ar leith déanfar an gnó a sonraíodh san Fhógra do chruinniú dá leithéid agus ní dhéanfar aon ghnó eile.

    Beidh sé cuí ag gnáthchruinniú ar bith de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh, má shocraíonn móramh na mball atá i láthair a vótálfaidh, mír a thógáil as an seicheamh atá liostaithe ar an gClár lena breithniú, ar an gcoinníoll i gcónaí nach gcuirfidh an cinneadh sin isteach ar aon ghnó a éilítear le Reacht go ndéanfaí é roimh aon ghnó eile ag an gcruinniú..

Deimhniú na Miontuairiscí 

  1. Is é an riarthóir cruinnithe a ullmhóidh miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe de chomhaltaí ceantair bhardasaigh.

    San áireamh sna Miontuairiscí beidh:-
    1. dáta, ionad agus am an chruinnithe,
    2. ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair ag an gcruinniú,
    3. ainmneacha fostaithe sinsearacha na Comhairle i láthair ag an gcruinniú,
    4. tagairt d’aon tuarascáil a cuireadh faoi bhráid na gcomhaltaí ag an gcruinniú,
    5. sa gcás go mbíonn vóta ar ghlaoch rolla, líon agus ainmneacha na gcomhaltaí a vótáil ar son agus in aghaidh an rúin agus iad siúd a staon,
    6. sonraí na rún go léir a ritheadh ag an gcruinniú,
    7. cúrsaí eile a meastar a bheith cuí.

    Seolfaidh an riarthóir cruinnithe cóip de mhiontuairiscí an chruinnithe chuig gach comhalta den cheantar bardasach nó tabharfaidh sé dóibh é.

    Cuirfear miontuairiscí cruinnithe i láthair le deimhniú mar thaifead beacht ag an gcéad ghnáthchruinniú eile, nuair is indéanta, agus mura bhfuil, ag an gcéad chruinniú eile ina dhiaidh sin agus déanfar iad a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe sin.

    Nuair a dheimhnítear iad le leasú nó gan leasú, cuirfidh an té atá sa chathaoir ag an gcruinniú inar cuireadh faoina bhráid iad le deimhniú, a ainm leis na miontuairiscí agus glacfar le haon miontuairiscí a mhaítear a bheith sínithe ar an mbealach seo mar fhianaise gan chruthúnas.  Nuair a cheistíonn an Chathaoir ar chóir iad a dheimhniú féadfaidh Comhalta cur in aghaidh aon chuid díobh á rá nach taifead beacht é agus de réir tairisceana, cinnfidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh le vóta móraimh na gcomhaltaí a bhí i láthair ag an gcruinniú cuí ar chóir an taifead a athrú; ar an gcoinníoll nach ndéanfar aon iontráil sna Miontuairiscí faoi aon agóid seachas taifead easaontais, ach i riocht tairisceana nó leasaithe.

    Beidh cóip de na miontuairiscí agus iad deimhnithe de réir an Bhuan-Orduithe seo ar fáil lena n-iniúchadh ag príomhoifigí an údaráis áitiúil [agus ag gnáthionad cruinnithe chomhaltaí an cheantair bardasaigh]2 agus féadfaidh aon duine na miontuairiscí a iniúchadh agus cóip nó achoimriú a dhéanamh díobh i rith gnáthuaireanta oifige an údaráis.

    Cuirfear cóip de na miontuairiscí ar fáil d’aon duine a lorgaíonn iad ar íocaíocht suime atá réasúnach, ar suim í nach sáraíonn costas réasúnach chun cóip a sholáthar, atá socraithe ag comhaltaí an cheantair bhardasaigh.

    Coinneofar na miontuairiscí, agus aon doiciméad gaolmhar, ar láithreán gréasáin na Comhairle.

Fógra Tairisceana 

  1. Déanfar gach Fógra Tairisceana a bheidh dátaithe agus sínithe ag an gComhairleoir (na Comhairleoirí) a sheachadadh chuig an riarthóir cruinnithe nó a tharchur le post leictreonach go dtí an seoladh rphoist tiomnaithe agus déanfar é a thaifeadadh in ord a bhfála.

    Is iad na Fógraí Tairisceana sin amháin a fhaightear nach deireanaí ná 5.00 p.m ar an seachtú lá roimh an gcruinniú ábhartha den Cheantar a bheidh ar an gClár don chruinniú sin.  Nuair is lá Saoire Bainc é an 7ú lá roimh an gcruinniú ábhartha beidh feidhm le 5.00 p.m ar an lá oibre roimhe sin.


    Beidh Fógraí Tairisceana ar an gClár san ord ina bhfaigheann an Riarthóir Cruinnithe iad ar an gcoinníoll go mbeidh gach tairiscint bainteach le feidhmeanna reachtúla na Comhairle ar an gClár roimh tairiscintí a bhaineann le cúrsaí nach mbaineann le feidhmeanna reachtúla na Comhairle.
  2. Ní bheidh aon tairiscint ar an gClár a breithníodh taobh istigh den sé mhí roimhe seo nó aon tairiscint atá cosúil tríd is tríd le ceann a breithníodh taobh istigh den sé mhí roimhe.  Is é an Cathaoirleach a chinnfidh cad is tairiscint ann atá cosúil tríd is tríd.

    Caithfear tairiscint atá le breithniú (nó leasú) a chur i scríbhinn, sínithe ag an gComhairleoir a mholann é agus ag an gComhairleoir a chuidíonn leis agus é a thabhairt ar láimh don Chathaoirleach sula ndéanfaidh an Ceantar Bardasach é a bhreithniú.

    Nuair is léir go follasach go bhfuil Fógra Tairisceana ar bith as ord, mídhleathach nó nuair atá téarmaí míchuí ann déanfaidh an Riarthóir Cruinnithe an Fógra Tairisceana a tharchur go dtí an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach.

    Tá cosc ar Ilfhógraí Tairisceana i.e. tairiscintí a bhaineann le níos mó ná ábhar amháin.  Beidh cinneadh an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh críochnaitheach agus ceangailteach i gcásanna dá leithéid.
  3. Ní cheadófar d’aon Chomhairleoir níos mó ná trí thairiscint a bheith aige ar an gClár d’aon chruinniú ar bith seachas tairiscintí a cuireadh siar ó chruinniú roimhe sin.  Is é trí thairiscint iarchurtha an líon is mó a cheadaítear in aghaidh an chomhalta.

Tairiscintí le Rúin a Leasú nó a Chúlghairm 

  1. Ní féidir tairiscint chun rún de chuid chomhaltaí an cheantair bhardasaigh a chúlghairm nó a leasú ach le fógra a chuirtear isteach sa Chlár, agus sonróidh an fógra sin an rún atá le cúlghairm nó le leasú agus cuirfidh sé téarmaí na tairisceana atá le déanamh ar fáil; ach ní cheadófar aon tairiscint den chineál seo a chur ar an gClár le rún ar bith ó chomhaltaí ceantair bhardasaigh a chúlghairm nó a leasú taobh istigh de sé mí ón dáta ar glacadh leis an rún ach le haontú i scríbhinn ó thriúr comhaltaí ó cheantar bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire ar a laghad agus ó cheathrar comhaltaí ó Cheantar Bardasach Shligigh.  Ní féidir rún a chúlghairm ag an gcruinniú inar glacadh leis.

    Beidh sé riachtanach le go nglacfar le tairiscint chun rún ó chomhaltaí ceantair bhardasaigh a chúlghairm nó a leasú go vótálann ceathrar comhaltaí ar a laghad ó Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire agus cúigear comhaltaí ó Cheantar Bardasach Shligigh [ar nach lú ná a leath de líon iomlán na gcomhaltaí ó cheantar bardasach] i bhfabhar agus faoi réir ag ceanglais eile a bhféadfaí go sonrófaí iad sna BO, agus ag aon cheanglais reachtúla.
  2. Faoi réir Bhuan-Ordú 18 ní athosclófar aon ní a shocraigh comhaltaí an cheantair bhardasaigh le tairiscint ar fhógra nó ar thuarascáil choiste laistigh de 6 mhí ó dháta cinneadh dá leithéid.

Tairiscint chun Déileáil le Gnó Práinneach 

  1. D’ainneoin aon fhorálacha eile na mBuan-Orduithe seo is féidir tairiscint a mholadh gan fógra chun déileáil le gnó práinneach bainteach le feidhm chomhaltaí ceantair bhardasaigh, faoi réir ag ceanglais go vótálann ceathrar comhaltaí ar a laghad ó Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire i bhfabhar agus cúigear comhaltaí ó Cheantar Bardasach Shligigh i bhfabhar [ar a leath de líon iomlán na gcomhaltaí ó cheantar bardasach iad ar a laghad]. .

Cruinniú a chur ar Atráth 

  1. Is féidir tairiscint chun cruinniú de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh a chur ar tráth a dhéanamh ag am ar bith agus déanfar é a chinneadh gan leasú agus gan plé, ach gur féidir leis an té a mhol an Tairiscint atráthaithe agus an té a mhol an Tairiscint a ndéanann sé difear dó, aitheasc nach mó ná cúig nóiméad a chur i láthair chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ar cheist an atráthaithe; agus nuair a ghlactar leis an Tairiscint atráthaithe beidh an cruinniú ar atráth go dtí lá a ainmnítear ansin nó i gcás nach n-ainmnítear an lá, go dtí an chéad ghnáthchruinniú eile a bheidh ar siúl.

    Tréimhse 15 nóiméad a bheidh in atráthú na Comhairle chun críocha comhbhrón a dhéanamh agus déanfar an cruinniú a athghairm ansin.  Beidh eisceachtaí don riail seo i gcás bhás comhalta nó iarchomhalta de chuid Chomhairle Contae Shligigh.

    Féadtar Cruinniú Speisialta a chur ar atráth ó am go chéile go mbeidh a ghnó tugtha chun críche.

Tairiscintí agus Leasuithe 

  1. Déanfaidh moltóir tairiscint nach bhfuil liostaithe sa gClár, nó leasú, agus ní i bhfoirm choiteann, cóip i scríbhinn a sheachadadh don Chathaoir ar é a mholadh.
  2. Ní féidir tairiscint a bhfuil fógra faoi sa gClár agus a moladh agus ar cuidíodh leis, a aistarraingt ach ar chead a fhaightear ó mhóramh de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh atá i láthair ag an gcruinniú ar iarratas an chomhalta lena mbaineann.  Féadfaidh an comhalta a bhfuil a ainm leis tairiscint a mholadh nó má tá seisean nó sise as láthair féadfaidh comhalta ar bith atá údaraithe aige i scríbhinn é a mholadh thar a c(h)eann, ach mura moltar mar seo é, agus gan iarratas i scríbhinn ón gcomhalta a bhfuil a ainm leis chun é a chur siar, caitear an tairiscint amach agus ní chuirfear arís é ar an bPáipéar Fógra é ach ar fhógra úr.  Caitear tairiscint nó leasú amach nuair nach gcuidítear leis.
  3. Ní féidir leasú a moladh agus ar cuidíodh leis a aistarraingt ach ar chead a fhaightear ó mhóramh comhaltaí an cheantair bhardasaigh atá i láthair ag an gcruinniú ar iarratas ón gcomhalta lena mbaineann.
  4. Ba chóir do gach leasú a bheith ábhartha don tairiscint ar a bhfuil sé bunaithe agus beidh sé i gceist (a) focail a fhágáil ar lár, (b) focail a fhágáil ar lár agus cinn nua a chur isteach nó a chur leis, (c) focail a chur isteach nó a chur leis.  Ní bheidh leasú in ord más ionann é agus diúltú díreach nó mura leasú é i ndáiríre ar an tairiscint atá sé ceaptha a leasú.
  5. Nuair a moltar tairiscint bhunaidh agus nuair a cuidítear leis, ní mholfar aon dara leasú nó leasú ina dhiaidh sin go mbeidh an chéad leasú curtha de láimh, ach beidh fógra faoi aon dara leasú nó leasú eile dá éis tugtha ar dtús.
  6. Nuair a dheimhnítear leasú tagann an tairiscint bhunaidh mar atá leasaithe chun a bheith ina tairiscint shubstainteach ar ar féidir aon leasú eile, a bhfuil fógra tugtha faoi, a mholadh.
  7. Nuair a chailltear leasú is féidir aon leasú eile a bhfuil fógra tugtha faoi a mholadh, ach ní féidir ach le leasú amháin a bheith os comhair an chruinnithe ag aon am amháin agus ní bheidh leasú in ord má rialaíonn an Chathaoir go bhfuil sé cosúil tríd is tríd le leasú atá caillte cheana.

Ord Díospóireachta 

  1. Ní féidir le haon chomhalta labhairt le comhaltaí an cheantair bhardasaigh ar feadh níos mó ná cúig nóiméad ach le cead an Chathaoirligh.  Féadfaidh comhalta labhairt aon uair amháin ar aon mhír ar an gClár nó ar aon tairiscint seachas tairiscint atá le cur gan plé.  Tá ceart freagartha ag moltóir tairisceana agus an tairiscint fós os comhair an Chathaoirligh agus nuair a thugann an moltóir freagra tá an plé ar an tairiscint críochnaithe.
  2. Ní féidir le haon chomhalta a labhair ar thairiscint leasú a mholadh ná cuidiú leis, ach nuair a moltar leasú agus nuair a cuidítear leis, feadfaidh comhalta a labhair cheana ar an tairiscint bhunaidh labhairt ar an leasú.
  3. Féadfaidh comhalta labhairt níos mó ná aon uair amháin ar an tairiscint nó ar an leasú céanna chun críche pointe oird a dhéanamh nó chun míniú pearsanta a thabhairt agus sin amháin.  Is breith chríochnaitheach cinneadh an Chathaoirligh faoi phointe oird nó míniú pearsanta.
  4. Gheobhaidh an Cathaoirleach amach ar cuidíodh le tairiscint sula gceadaítear don mholtóir labhairt air.
  5. Is féidir tairiscint “go ngabhfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh ar aghaidh chuig an chéad ghnó eile” a dhéanamh tar éis tairiscint ar bith a bheith molta agus gur cuidíodh leis.  Nuair a dhéantar é cinnfear é gan leasú ná díospóireacht agus má dhearbhaítear é ní rachfar ar aghaidh tuilleadh leis an ngnó ar chuir an tairiscint sin isteach air ag an gcruinniú sin agus mura gcinneann comhaltaí an cheantair bhardasaigh a mhalairt cuirfear ar atráth é go dtí an chéad ghnáthchruinniú eile.  Ní dhéanfar tairiscint dul ar aghaidh chuig an chéad ghnó eile níos mó ná uair amháin i rith na díospóireachta ar aon cheist.
  6. Féadfaidh comhalta ag am ar bith le linn plé ar thairiscint moladh a dhéanamh “go gcuirtear an cheist anois” agus má cheadaítear é seo le toil móramh iad siúd atá i láthair agus a vótálfaidh, cuirfear an tairiscint, faoi réir ag ceart freagartha mholtóir an tairisceana bunaidh nó substainteach.
  7. Nuair a thairgeann beirt chomhaltaí nó níos mó labhairt ag an am céanna is ag an gcomhalta a nglaonn an Cathaoirleach air a bheidh an tosaíocht.
  8. Is leis an gCathaoirleach amháin a labhróidh comhalta agus é ag caint.
  9. Ní chuirfear isteach ar chomhalta agus é ag caint ach ar cheist oird, ach féadfaidh sé géilleadh do chomhalta atá ag iarraidh míniú pearsanta a thabhairt.
  10. Nuair a bhíonn comhalta ag iarraidh pointe oird a dhéanamh géillfidh an comhalta atá ag labhairt leis an gCathaoirleach go dtí go ndéanann an Cathaoirleach cinneadh faoin gceist oird, mura mbíonn an chéad chomhalta ag iarraidh labhairt leis an gCathaoirleach ar an gceist oird.
  11. De réir Mhír 13 de Sceideal 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna leasú ag Sceideal 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Atheagrú) 2014, is é an Cathaoirleach an t-aon duine a thabharfaidh breith ar ord ag cruinnithe de chomhaltaí ceantair bhardasaigh agus tá an t-údarás aige/aici ord a choinneáil agus iallach a chur ar chách géilleadh go tapa dá rialú.  Nuair a sheasann an Cathaoirleach le linn díospóireachta, géillfidh aon chomhalta atá ag labhairt ag an am sin don Chathaoir.

Iompar Mí-ordúil 

  1. Má bhíonn aon chomhalta de cheantar bardasach ciontach i mí-iompar ag cruinniú, i dtuairim an Chathaoirligh a chuireann seo in iúl do na comhaltaí, trí neamhaird sheasmhach a dhéanamh de rialú an Chathaoirligh, nó trí bhac a chur go toiliúil ar ghnó an chruinnithe, féadfaidh an Cathaoirleach nó aon chomhalta eile a mholadh “Nach n-éistfear tuilleadh leis an gcomhalta ainmnithe”, agus má chuidítear leis an tairiscint cuirfear é agus déanfar cinneadh gan plé.
  2. Más é tuairim an Chathaoirligh go raibh nó go bhfuil comhalta ar bith ciontach i mí-iompar trí neamhaird sheasmhach a thabhairt ar rialú an Chathaoirligh, nó trí é/í féin a iompar go mírialta, go míchuibhiúil nó go maslach nó trí bhac a chur ar bhealach eile ar ghnó an chruinnithe, agus go bhfuil an Cathaoirleach tar éis a t(h)uairim a chur in iúl do na comhaltaí atá i láthair tríd an gcomhalta lena mbaineann a ainmniú, ansin féadfaidh an Cathaoirleach nó aon chomhalta a mholadh “go bhfágfadh an comhalta ainmnithe an cruinniú” agus má chuidítear leis an tairiscint cuirfear í agus déanfar cinneadh gan plé.
  3. I gcás go socraíonn comhaltaí de cheantar bardasach go bhfágfadh comhalta cruinniú, fágfaidh an comhalta sin an cruinniú láithreach agus ní bheidh sé/sí i dteideal aon pháirt eile a ghlacadh sa gcruinniú sin an lá sin.
  4. I gcás i dtuairim an Chathaoirligh go bhfuil mí-ord ginearálta a chuireann bac ar dhéanamh ordúil gnó nó nuair a dhiúltaíonn comhalta ar socraíodh de réir BO 42 go bhfágfadh sé/sí an cruinniú, é seo a dhéanamh, féadfaidh an Cathaoirleach an cruinniú a chur ar atráth ar feadh tréimhse a mheasann sé nó sí a bheith riachtanach chun leasa an oird.
    1. I gcás go ndiúltaíonn comhalta tar éis tairiscint BO 41 an cruinniú a fhágáil agus go gcuirtear an cruinniú ar atráth faoi BO 43, féadtar tairiscint eile a chur gurb é an comhalta lena mbaineann ba chúis leis an gcruinniú a bheith á chur ar atráth.
    2. Má tharlaíonn tar éis tairisceana faoi BO 43A go gcuireann an Cathaoirleach tuairim eile in iúl gur lean an comhalta air /uirthi 
      • le mí-iompar trí neamhaird a thabhairt ar rialú an Chathaoirligh, nó 
      • le hiompar mírialta, míchuibhiúil nó maslach, nó 
      • gur chuir bac eile ar ghnó an chruinnithe, agus go gcuireann an chathaoir an tuairim seo in iúl do na comhaltaí atá i láthair tríd an gcomhalta lena mbaineann a ainmniú arís, féadfaidh an Cathaoirleach nó aon chomhalta eile a mholadh “go gcuirtear an comhalta ainmnithe ar fionraí ar feadh [tréimhse sonraithe]” agus má bhíonn cuiditheoir ag an tairiscint, cuirfear é agus déanfar cinneadh gan plé.  Ní bheidh an tréimhse a sonraíodh sa tairiscint níos lú ná mí amháin ná níos mó ná 6 seachtain.
    3. I gcás go socraíonn dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí tofa atá i láthair agus a vótálfaidh go gcuirfear an comhalta ar fionraí, cuirfear é/í ar fionraí le héifeacht láithreach ó gach cruinniú de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh agus ó aon choiste de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh, don tréimhse atá sonraithe sa tairiscint.
    4. Má tharlaíonn laistigh de 3 mhí ó dheireadh thréimhse fionraí go socraíonn dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí tofa atá i láthair agus a vótálfaidh go raibh an comhalta lena mbaineann ciontach arís i mí-iompar nó gur lean sé
      • de bheith mí-ordúil trí neamhaird a thabhairt ar rialú an Chathaoirligh, nó  
      • d’iompar mírialta, míchuibhiúil nó maslach, nó 
      • de bhac a chur ar ghnó an chruinnithe ar aon slí eile, ar bhonn tairisceana a mhol an Cathaoirleach nó aon chomhalta eile “go gcuirtear an comhalta ainmnithe ar fionraí ar feadh [tréimhse sonraithe]” de réir BO 43B, agus má bhíonn cuiditheoir ag an tairiscint, cuirfear é agus déanfar cinneadh gan plé, cuirfear é nó í ar fionraí arís le héifeacht láithreach ó gach cruinniú de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh agus ó aon choiste de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ar feadh tréimhse nach lú ná 6 sheachtain agus nach mó na 10 seachtain.
    5. D’ainneoin BO 43A go 43D, féadfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh ag aon chruinniú tar éis chur i bhfeidhm na fionraíochta, agus le linn tréimhse na fionraíochta, a shocrú le rún an fhionraíocht a chur i leataobh.  Déanfar an rún seo, cibé faoi BO 15 nó BO 20, a bhreithniú ag an bpointe is luaithe agus is féidir ar an gclár, faoi réir ag an gceanglas faoi achtachán ar bith maidir le gnó sonraithe eile.
    6. Cuirfidh an Cathaoirleach in iúl don chruinniú gur lorg an príomhfheidhmeannach comhairliúcháin ar shocruithe d’eisiamh, nó nuair is gá, d’aistriú ón gcruinniú comhalta ar bith ar ábhar tairisceana é/í faoin gcuid seo de na BO-anna.  Is pointe eolais amháin a bheidh anseo agus ní bheidh aon díospóireacht ar an eolas seo.

  5. Ní labhróidh aon chomhalta leis an gCathaoirleach mura ó cheann de na suíocháin in áirithe d’úsáid chomhaltaí é.

Toscaireachtaí 

  1. Faoi réir ag treoir ón gCathaoir, féadfaidh beirt labhairt thar ceann toscaireachta ar feadh tréimhse nach mó ná deich nóiméad, mura gceadaíonn an Chathaoir a mhalairt.

    Ní bhreithneofar iarratas ó thoscaireacht chun labhairt le comhaltaí an cheantair bhardasaigh mura dtugtar an t-ábhar atá le hardú i scríbhinn ar thairiscint chomhalta de cheantar bardasach, nó iarratas díreach ón gcomhlacht lena mbaineann, a cuireadh go dtí an riarthóir cruinnithe seacht lá ghlana ar a laghad roimh dháta an chruinnithe.

    Ní féidir ach le comhaltaí an cheantair bhardasaigh ceisteanna a chur ar an toscaireacht ach ní bheidh an toscaireacht i dteideal ceisteanna a chur.

    Nuair a bhíonn baill toscaireachta tar éis labhairt leis an gcruinniú tarraingeoidh siad siar ón gcruinniú.

    Féadfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh, le rún, a shocrú glacadh le toscaireacht gan fógra, ar an gcoinníoll go vótálann ceathrar de na comhaltaí de Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire ar son an rúin, agus go vótálann cúigear de chomhaltaí Cheantar Bardasach Shligigh atá i láthair ar son an rúin.

Ceisteanna, Vótaí agus Vótáil 

  1. Déanfar gach ceist a chinneadh le taispeáint lámh, mura lorgaíonn beirt chomhalta vótáil, agus sa chás seo breacfar síos na hainmneacha ar son agus in aghaidh na tairisceana nó an leasaithe i scríbhinn agus déanfar iad a thaifeadadh sna Miontuairiscí.
  2. I gcás nár dhearbhaigh an Cathaoirleach toradh vótála go foirmiúil, nó má bhíonn amhras air faoina d(h)hearbhú a bheith ceart nó mícheart, tá sé nó sí i dteideal an darna vótáil a dhéanamh ar an ábhar más dóigh leis/léi gur chóir sin, go háirithe má mheasann sé/sí nár léirigh an chéad vótáil, trí mhíthuiscint éigin, braistint an chruinnithe ag an am sin.
  3. Beidh vóta ag gach comhalta atá i láthair ag cruinniú de chomhaltaí ceantair bhardasaigh mura bhfuil cosc leis ag aon achtachán.
  4. Gan dochar d’aon achtachán nó d’fhorálacha eile na mBuan-Orduithe seo a éilíonn láithreacht líon sonraithe nó céatadán na gcomhaltaí, sin nó go gcaithfeadh líon sonraithe nó céatadán vóta i bhfabhar aon ghníomh ar leith a dhéanamh, cinnfear gach gníomh de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ar feidhmeanna forchoimeádta iad nó ceisteanna a thagann nó a eascraíonn go cuí os comhair cruinnithe de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh - (a) trí mhóramh na gcomhaltaí atá i láthair agus a vótálfaidh nó nuair atá cothromaíocht vótaí ann trí darna vóta nó vóta réitigh an duine atá sa gcathaoir ag an gcruinniú (duine a mbeidh vóta dá leithéid aige agus a roghnódh é a fheidhmiú).

Comhairle gurb é an tÚdarás Áitiúil ar chóir Feidhmeanna Forchoimeádta a Fheidhmiú 

  1. I gcás go gcomhairlíonn an Príomhfheidhmeannach, tar éis comhairliúcháin leis an gCathaoirleach nó leis an Leas-Chathaoireach gurb é an tÚdarás Áitiúil ar chóir aon fheidhmiú nó feidhmíocht bheartaithe feidhme forchoimeádta a dhéanamh, ní chuirfear aon tairiscint ná rún a airbheartaíonn feidhm dá leithéid a fheidhmiú nó a dhéanamh.
  2. Is féidir tairiscint, a shocródh an ní a tharchur go dtí an Grúpa Beartas Corparáideach faoi ar chóir do Chomhairle Contae Shligigh nó do chomhaltaí an cheantair bhardasaigh an fheidhm a fheidhmiú nó a chur i gcrích, a mholadh agus cuidiú léi ag an gcruinniú agus í a chur le go ndéanfaí cinneadh ag an gcruinniú sin de réir Bhuan-Orduithe 22 agus 23.
  3. Ní fheidhmeofar nó ní chuirfear i gcrích aon fheidhm fhorchoimeádta ar ábhar comhairle ón bPríomhfheidhmeannach í de réir Bhuan-Ordú 49A agus a tharchuirtear chuig an Grúpa Beartas Corparáideach de réir Bhuan-Ordú 49C  mura léiríonn nó go dtí go léiríonn an Grúpa Beartas Corparáideach gur féidir le comhaltaí an cheantair bhardasaigh í a fheidhmiú mar sin.

Láithreacht Daoine den Phobal agus na Meán 

  1. Tá ceart an phobail agus ionadaithe na meán freastal ar chruinnithe de chomhaltaí ceantair bhardasaigh faoi réir ag seo a leanas:-

    I gcás go bhfuil comhaltaí an cheantair bhardasaigh den tuairim go bhfuil neamhláithreacht daoine den phobal agus ionadaithe na meán ó chruinniú iomlán ar leith inmhianta mar gheall ar nádúr speisialta an chruinnithe nó mír ghnó atá le breithniú nó ar tí a breithnithe ag an gcruinniú nó ar chúiseanna speisialta eile, féadfaidh comhaltaí, le rún a vótálann leath amháin ar a laghad de líon iomlán na gcomhaltaí ón gceantar bardasach ina fhabhar, a shocrú gur i gcoiste a thiocfaidís le chéile do chuid nó d’iomlán an chruinnithe lena mbaineann.  Léireoidh an rún sa chás seo ar bhealach ginearálta na cúiseanna a bhí leis an rún agus déanfar na cúiseanna sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.
  2. Beidh daoine den phobal agus ionadaithe na meán suite sna codanna sin den Seomra Cruinnithe atá ceaptha dóibh a úsáid.  Ceadófar don phobal teacht isteach faoi réir ag na socruithe seo a leanas:
    • Beidh daoine den phobal ina suí agus fanfaidh siad ina dtost agus déanfaidh siad de réir aon treoracha a thugann an Cathaoirleach nó aon fhostaí a fhreastalaíonn ar an gComhairle.  Tá na fostaithe seo freagrach as cur i gcrích gach beart atá riachtanach chun dea-ord agus dea-iompar sa Seomra agus thart air a choinneáil.
    • Má chuireann duine den phobal isteach ar chruinniú ag am ar bith nó má dhéanann sé/sí iarracht, gan cead na Comhairle labhairt le Cruinniú, tabharfaidh an Cathaoirleach rabhadh dó nó dí agus má leanann an cur isteach ordóidh sé go gcuirtear an duine sin amach.
    • I gcás chur isteach ginearálta in aon chuid den Seomra Cruinnithe atá ar oscailt don phobal, ordóidh an Cathaoirleach go nglantar daoine amach as an gcuid sin .
  3. Cé gur féidir le comhaltaí an Cheantair Bhardasaigh socruithe a dhéanamh le go ndéanfaí a gcruinnithe a chraoladh nó a chraoladh ar ghréasán, ní éascófar aon socruithe do thaifeadadh seachtrach, don chraoladh nó don ghrianghrafadóireacht gan toiliú comhaltaí an cheantair roimh ré.
  4. Ní cheadófar úsáid fón póca ag cruinnithe an Cheantair Bhardasaigh.

COISTÍ 

  1. Féadfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh Coiste Speisialta a cheapadh chun críocha ar leith.  Agus Coiste dá leithéid á cheapadh socrófar ag an am céanna líon agus ainmneacha na gcomhaltaí a bheadh ar an gCoiste agus socróidh sé an córam freisin nach lú ná triúr é.  Is na comhaltaí den cheantar bardasach a chinneann an tréimhse do théarma oifige an Choiste Speisialta agus an Coiste á cheapadh.
  2. Ceapfaidh gach Coiste Speisialta Cathaoirleach óna chomhaltaí ag an gcéad chruinniú agus, más féidir, socróidh lá agus am do chruinnithe amach anseo.
  3. I dtoghadh na gCoistí beidh moltóir agus cuiditheoir ag gach iomaitheoir agus mura sáraíonn an líon a moltar agus a gcuidítear leo mar seo líon na bhfolúntas, dearbhófar iad a bheith tofa.  Má sháraíonn líon na ndaoine a moladh agus ar cuidíodh leo líon na bhfolúntas caithfear vóta a ghlacadh agus beidh na nósanna imeachta mar seo a leanas:

    I gcás gur mó líon na n-iarrthóirí nó na n-iarrthóirí leanúnacha de phéire nó níos mó ná líon na bhfolúntas atá le líonadh, cuirfear an t-iarrthóir a fuair an líon is ísle vótaí as an áireamh agus glacfar le vóta amhail idir na hiarrthóirí leanúnacha.  Beidh gach iarrthóir i dteideal vóta a chaitheamh do roinnt iarrthóirí nach mó ná líon na bhfolúntas.  Leanfar leis an nós imeachta seo chomh minic agus is gá.

    D’ainneoin rud ar bith atá scríofa thuas, beidh feidhm le forálacha mhír 18 de Sceideal 10, agus le ceanglais aon achtachán eile, le ceapacháin chuig coistí.
  4. I gcás go mbíonn folúntas i mballraíocht Coiste ar bith de chomhaltaí an cheantair bhardasaigh, de dheasca báis, éirí as oifig nó dícháilithe comhalta, líonfar an folúntas sin ag comhaltaí an cheantair bhardasaigh a luaithe agus is indéanta sna tosca, tar éis fógra cuí.
  5. I gCoiste, féadtar tairiscint nó leasú a mholadh gan cuiditheoir agus féadfaidh comhalta labhairt níos mó ná aon uair amháin ar cheist ar bith, ach thairis sin is iad Rialacha Oird comhaltaí an cheantair bhardasaigh, sa mhéid is go bhfuil siad infheidhme go háisiúil, a rialóidh imeachtaí uile Coistí, agus is é an comhalta atá sa Chathaoir ag aon chruinniú Coiste a dhéanfaidh cinneadh faoi chúrsaí oird.
  6. Beidh gach Coiste ina chuid imeachtaí iomlána faoi réir ag Buan-Orduithe nó Rúin de chuid chomhaltaí an cheantair bhardasaigh a bhaineann leis an gCoiste sin.
  7. Cuirfear cóip de gach Tuarascáil Choiste atá le cur faoi bhráid chomhaltaí an cheantair bhardasaigh, sula gcuirtear faoina mbráid é, chuig gach comhalta trí lá ar a laghad roimh chruinnithe comhaltaí an cheantair bhardasaigh, cé is moite de chásanna práinne nuair is leor léamh na Tuarascála do chomhaltaí an cheantair bhardasaigh.
  8. Seachas cruinnithe de Choistí a shonróidh comhaltaí an cheantair bhardasaighó am go chéile, féadfaidh ionadaithe na meán agus an phobail a bheith i láthair ag cruinnithe de Choistí comhaltaí an cheantair bhardasaigh.  I gcás go mbíonn cúrsaí faoi rún á bplé d’fhéadfadh go socródh Coistí ionadaithe dá leithéid a choinneáil amach ón gcruinniú nó ón gcuid ábhartha den chruinniú.
  9. Déanfaidh an riarthóir cruinnithe cruinniú de Choiste ar bith a ghairm ar iarratas ó Chathaoirleach an Choiste, nó ó thriúr ar bith dá chomhaltaí, nó cibé uair a mheasann an riarthóir cruinnithe go bhfuil se riachtanach go mbuailfeadh an Coiste sin le chéile i gcúinsí speisialta.
  10. Beidh Cathaoirleach chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ina chomhalta ex-officio de gach Coiste seachas iad sin a shocraítear a mballraíocht le Reacht.
  11. Agus Cathaoirleach Coiste as láthair glacfaidh aon chomhalta den cheantar bardasach den Choiste a aontaítear ag an gcruinniú an Chathaoir.
  12. Beidh Cathaoirleach gach Coiste freagrach do chomhaltaí an cheantair bhardasaigh as bainistíocht ghinearálta an ghnó atá curtha ar iontaoibh an Choiste sin. 
  13. Féadfaidh comhaltaí an cheantair bhardasaigh Coiste de chomhaltaí uile an cheantair bhardasaigh a dhéanamh díobh féin do dhéanamh gnó atá le sonrú sa Rún. {Alt 45}
  14. Ní thiocfaidh cinntí Coistí na gcomhaltaí den cheantar bardasach chun a bheith ina gceangal, ach nuair a fhoráiltear a mhalairt sna Buan-Orduithe, go dtí go bhfaomhann comhaltaí an cheantair bhardasaigh iad, mura gcumasaíonn na comhaltaí na Coistí seo go sonrach chun déileáil (gan tagairt dó arís) le cúinsí áirithe, faoi réir ag forálacha dlíthiúla cuí.

Buan-Orduithe ar Fionraí 

  1. Faoi réir ag forálacha agus ag ceanglais an Achta, nó aon achtachán eile, féadtar aon Bhuan-Ordú, seachas Uimh.18, 20, 46 go 49 [agus 22 go 44 má chinneann comhaltaí an cheantair bhardasaigh é seo] a chur ar fionraí ag am ar bith ar thairiscint a mholtar gan fógra d’fhonn a chumasú go bhféadfadh comhaltaí an cheantair bhardasaigh aon ghnó ar leith a shonraítear sa tairiscint fionraíochta a mheas agus déileáil leis, faoi réir ag an gceanglas go vótálann dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí atá i láthair ina fhabhar.

Ilghnéitheach 

  1. Féadfaidh comhalta nó comhaltaí a ceapadh ar chomhlachtaí agus ar bhoird sheachtracha tuarascálacha a chur faoi bhráid chomhaltaí an cheantair bhardasaigh ó am go chéile ar chúrsaí a eascraíonn sna comhlachtaí agus sna boird sin atá ábhartha do chomhaltaí an cheantair bhardasaigh agus ar chóir sin a dhéanamh in aon chás de réir cheanglas Alt 141 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, arna leasú ag alt 53(1) d’Acht 2014.