Rannpháirtíocht Phoiblí 2025: Uiscí Snámha a Shainaithint

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.

D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Chontae Shligigh ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Aithníodh Pointe na Rossan, Inis Crabhann, Mullach Mór, An tSrithideach agus trá Dhún Móráin do shéasúr snámha 2025.

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú le do Chomhairle áitiúil a chinneadh faoi cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir an meid a luáítear thuas, déan measúnú, le do thoil, ar an critéir atá leagtha amach i doiciméid an Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil “Public advice on the identification of new bathing areas” ar féidir íoslodáil ag www.epa.ie  Tá an teimpléad atá de dhith chun d’aighneacht a dhéanamh le fáil sa doiciméid seo.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ag úsáid an teimpléad riachtanach trí r-phost a sheoladh chuig bathingwater@sligococo.ie  
 
Is é an 26ú Meán Fomhair 2025 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Chontae Shligigh. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le bathingwater@sligococo.ie nó 071 911 1461

Is féidir torthaí an cháilíocht uisce agus rangú uisce bhliantúil a fheiceáil ag www.beaches.ie  

Is féidir an tuairisc is déanaí an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil “Bathing Water in Ireland”a fheiceáil anseo:  https://www.epa.ie/publications/