Dúnadh Sealadach Bóithre Beartaithe - d’Fhéile Ealaíon Chairde 2025

Beidh na bóithre dúnta ó 22:00 go 23:00, Dé Sathairn, an 12 Iúil 2025

COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH
DÚNADH SEALADACH BÓITHRE
ALT 75 D’ACHT NA mBÓITHRE, 1993
Cuid 8 de Rialacháin na mBóithre, 1994 (I.R. Uimh. 119 de 1994)

Dúnadh sealadach rollach Bóithre i Sligeach d’Fhéile Ealaíon Chairde 2025

Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé mar Rún ag Comhairle Contae Shligigh na bóithre seo a leanas a dhúnadh ó 22:00 go 23:00, Dé Sathairn an 12 Iúil 2025: Carrchlós Shráid na Cé; Sráid na Cé; Sráid Knox Íochtarach; Droichead de hÍde; Sráid Stiofáin; Sráid an Droichid; agus Paráid Choill na Carraige.

Tá an dúnadh sealadach rollach beartaithe seo riachtanach chun Ócáid Mórshiúil Sráide a éascú mar chuid d’Fhéile Ealaíon Chairde Shligigh 2025, arb ócáid teaghlaigh í a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 12 Iúil 2025.

Mar mhalairt ar na bealaí sin, coinneofar trácht siar go sealadach ag barr Shráid Uí Chonaill, ag an mBealach Isteach go Carrchlós Shráid an Fhíona, ag an Acomhal idir Sráid Stiofáin agus Sráid Holborn, ag an Acomhal idir Sráid Stiofáin agus Lake Isle Road agus ar aghaidh go Sráid Stiofáin agus Sráid an Droichid.

Tabhair faoi deara go mbeidh Carrchlós Shráid na Cé dúnta ó 18:00 Dé hAoine an 11 Iúil go 23:00 Dé Sathairn an 12 Iúil (Beidh malairtí slí i bhfeidhm ar an mbóthar isteach go Cé Theach an Chustaim agus Cladach Mhéabha ó 21:30 go 22:15 Dé Sathairn an 12 Iúil).

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar Sorcha Sheehy (Innealtóir Feidhmiúcháin) ar 071 9111483.                         

Féadfar agóidí a dhéanamh i scríbhinn chuig an Uas. Jim Molly, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Shligigh, Halla an Chontae, Sligeach, roimh 12:00 Dé Céadaoin an 18 Meitheamh 2025.

Is oth le Comhairle Contae Shligigh aon mhíchaoithiúlacht a thiocfaidh as an dúnadh seo.

J. Molloy
Stiúrthóir Seirbhísí