Beidh éifeacht leis an dúnadh bóithre idir 3pm agus 8pm Dé Sathairn an 13 Meán Fómhair 2025.
Dúnadh Sealadach Bóithre - Turas Cannonball 2025
COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH
DÚNADH SEALADACH BÓITHRE
ALT 75 D’ACHT NA mBÓITHRE, 1993
Cuid 8 de Rialacháin na mBóithre, 1994 (I.R. Uimh. 119 de 1994)
Turas Cannonball 2025 – Dúnadh Bóithre
Tugtar fógra leis seo faoin gcinneadh ó Chomhairle Contae Shligigh na bóithre seo a leanas a dhúnadh do thrácht poiblí: Sráid Thaoiling; Sráid an Chaisleáin; Sráid Grattan; Sráid Uí Chonaill; Sráid Knox Íochtarach; Paráid Choill na Carraige; Paráid JFK; agus Sráid Stiofáin.
Tá an dúnadh bóithre sin ag teastáil chun an t-imeacht ‘Turas Cannonball 2025’ a éascú. Beidh éifeacht leis an dúnadh bóithre idir 3pm agus 8pm Dé Sathairn an 13 Meán Fómhair 2025.
Tabhair faoi deara go mbeidh toirmeasc ann ar pháirceáil feadh Pharáid JFK ó 8am go 8pm Dé Sathairn an 13 Meán Fómhair.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar Thomas Kerins, Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin Gníomhach, ar 071 9111484.
Jim Molloy
Stiúrthóir Seirbhísí