Dréacht-Athrú Uimh. 1

ar Phlean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030

Dréacht-Athrú Uimh. 1

ar Phlean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030

Ailíniú leis na Riachtanais Fáis Tithíochta – Treoirlínte 2025

agus athchriosú dhá láithreán tar éis cinntí ar aighneachtaí lena mbaineann an Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe

Comhchomhairliúchán poiblí ón 6 Feabhra go dtí an 6 Márta 2026

Tugtar fógra leis seo de bhun alt 58 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, go mbeartaíonn Comhairle Contae Shligigh athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Contae Shligigh 2024–2030.

Cúis leis an Dréacht-Athrú

Beartaíonn Comhairle Contae Shligigh an Plean Forbartha Contae reatha uaithi a ailíniú leis na “Riachtanais Fáis Tithíochta – Treoirlínte”, ar treoirlínte aireachta iad a eisíodh sa bhliain 2025 faoi alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Chuige sin, beartaítear téacs agus beartais Cúltaca Straitéisigh Talún an Phlean Forbartha Contae a leasú.

Beartaítear freisin dhá láithreán a athchriosú bunaithe ar na cinntí ón gComhairle de bhun aighneachtaí a fuarthas i ndáil leis an Dréacht-Léarscáil um Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe, 2026.

Tuarascálacha timpeallachta

D’ullmhaigh an tÚdarás Pleanála Tuarascáil Scagtha ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Tuarascáil Scagtha ar Mheasúnacht Chuí (AA) i ndáil leis an Dréacht-Athrú.

Is féidir na Tuarascálacha Scagtha SEA agus AA agus na cinntí scagtha ón Údarás Pleanála a iniúchadh le linn uaireanta oifige ag Halla na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach, agus is féidir iad a léamh ar líne nó a íoslódáil ó Thairseach Comhchomhairliúcháin na Comhairle ag consult.sligococo.ie.  

Comhchomhairliúchán poiblí ar Dhréacht-Athrú Uimh. 1

Is féidir Dréacht-Athrú Uimh. 1 agus cinntí na dtuarascálacha scagtha a ghabhann leis a iniúchadh le linn uaireanta oifige ag Halla na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach, ar shuíomh Gréasáin na Comhairle (www.sligococo.ie/cdp) agus ar Thairseach Comhchomhairliúcháin na Comhairle ag consult.sligococo.ie ar feadh tréimhse ceithre seachtaine ón 6 Feabhra go dtí an 6 Márta 2026.

Conas aighneachtaí a dhéanamh

Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh trí Thairseach Comhchomhairliúcháin na Comhairle ag consult.sligococo.ie.

Cé NACH moltar déanamh amhlaidh, féadfar aighneachtaí a bhfuil “Dréacht-Athrú Uimh. 1 ar Phlean Forbartha Contae Shligigh” mar cheannteideal orthu a sheoladh le ríomhphost chuig cdp@sligococo.ie nó le casadh an phoist chuig:

Aisling Smyth Uas.
Oifigeach Riaracháin
An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Shligigh
Halla na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach, F91 PP44

Déan d’aighneacht trí mheán amháin ar a mhéad, i.e., ar líne NÓ i gcóip chrua.

Breithneofar sula ndéanfar an t-athrú aon aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an Dréacht-Athrú agus leis na tuarascálacha scagtha SEA agus AA a ghabhann leis chomh fada agus a bheidh siad faighte faoi 4pm an 6 Márta 2026. Tabhair faoi deara nach mbreithneofar aighneachtaí ach amháin má bhaineann siad leis an Dréacht-Athrú nó le haon cheann dá ghnéithe.

Ní dhéanfar aon bhreithniú ar aighneachtaí déanacha.

Comhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Cuirfear aighneachtaí in eagar, más gá (chun an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh), agus cuirfear iad ar fáil lena léamh ag an bpobal ar Thairseach Comhchomhairliúcháin na Comhairle laistigh de dheich lá oibre ó iad a fháil. Is mar fhaisnéis rúnda, de réir na reachtaíochta cosanta sonraí, a chaithfear le haon sonraí pearsanta a thugtar.

Déan cinnte de nach bhfuil aon fhaisnéis atá cráiteach, clúmhillteach nó rúnda i d’aighneacht, lena n-áirítear sonraí pearsanta tríú páirtí gan toiliú.

Emer Concannon
Stiúrthóir um Chomhfhorbairt Áite
Comhairle Contae Shligigh