Supporting Communities

Ag tacú le pobail i rith bliain dhúshlánach

Ag labhairt dó faoin mbliain dhúshlánach a bhí againn in 2020, bhí an méid seo le rá ag Príomhfheidhmeannach Gníomhach, Tom Kilfeather:

English

‘Nuair a smaoinímid ar an mbliain 2020, is deacair aon rud dearfach a aimsiú, ach buaicphointe mór amháin is gá a lua ná teacht aniar agus spiorad oibrithe deonacha an chontae, a tháinig le chéile d’fhonn tacú lena gcomharsana agus a gcairde. Is trí Fhóram um Thacaíocht Pobail Shligigh a treoraíodh mórchuid na hiarrachta sin, agus ceann de na tionscnaimh is tábhachtaí dá gcuid ná an líne chabhrach Shaorghlao, a cuireadh ar bun chun cabhrú leis na daoine is leochailí inár bpobal i rith COVID, agus chun iad a chosaint. Tógáil croí dúinn ar fad a bhí ann, pobail áitiúla agus príomhghíomhaireachtaí a fheiceáil ag obair i gcomhar leis an Údarás Áitiúil chun cúnamh a thabhairt dóibhsean is mó gá.

Ag tacú le gnóthais

Bliain dheacair a bhí ann freisin do go leor gnóthais inár gcontae. Chun dul i ngleic leis sin, chuir Comhairle Chontae Shligigh réimse tacaíochtaí ar fáil dóibh; tríd ár nOifig Fiontair Áitiúil, táimid tar éis deontais atosaithe, dearbháin trádáil ar líne agus dearbháin leanúnachais gnó a sholáthar. Le naoi mí anuas ó bhuail an phaindéim muid, tá Rátaí Tráchtála á dtarscaoileadh ag an Údarás Áitiúil do ghnóthais incháilithe, lena n-áirítear mórchuid na ngnóthas beag agus meánmhéide (SMEnna), le tacaíocht ó leithdháileadh maoinithe faoi leith de €900 milliún ón Rialtas.

Fuarthas thart ar €95,000 d’ioncam go dtí lár mhí na Nollag mar thoradh ar Scéim Cárta Bronntanais Chomhlachas Tráchtála Shligigh, méadú ó €43,000 ar fheachtas 2019. D’oibrigh Comhairle Chontae Shligigh i gcomhpháirt leis na meáin áitiúla chun feachtas ‘Téigh ag Siopadóreacht go hÁitiúil’ a chur chun cinn go luath i mí na Nollag, lenar áiríodh taispeántas taistil thar a bheith rathúil chuig bailte ar fud an chontae.

Dar ndóigh, beidh na dúshláin chéanna ann do ghnóthais san athbhliain is a bhí ann dóibh i rith 2020. Is minic a bhíonn ar ghnóthais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa chéad ráithe d’aon bhliain pé scéal é. Leanfaimid de fhreagairt d’iarrataí ó na hearnálacha fáilteachais agus miondíola maidir le conas freastal go héifeachtach ar éilimh mhéadaithe na dtomhaltóirí. Beidh tábhacht ag baint leis an turasóireacht áitiúil freisin sa chéad chuid den bhliain 2021.

Solúbtha agus cruthaitheach

Bliain dhúshlánach a bhí in 2020 do gach earnáil sa tsochaí, agus tá ár bhfoirne agus ár gComhaltaí Tofa fós ar theann a ndíchill ag iarraidh tacú lenár bpobail. Anuas air sin, ba ghá dár gComhairle a bheith solúbtha agus cruthaitheach agus a ngnóthaí á gcur i bhfeidhm acu. Chuir baill foirne ar fud na heagraíochta dua mór orthu féin agus ghlac siad neart freagrachtaí chucu féin nach raibh ina gcuid dá ngnáthshocruithe oibre. Bhí tionchar dearfach thar na bearta ag a ndianobair ar shaol an-chuid daoine, go háirithe iad siúd atá leochaileach inár bpobail, agus ba chúnamh don phobal gnó é a n-obair freisin. Chuaigh na baill foirne sin i mbun na hoibre breise go toilteanach, agus iad fós ag iarraidh seirbhísí laethúla na Comhairle a thabhairt chun críche.

Comhaltaí Tofa

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun an Comhairleoir Dara Mulvey, Cathaoirleach, agus a chomhghleacaithe a mholadh as a lántacaíocht le linn dúinn a bheith ag obair le chéile chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a tháinig chun cinn de bharr na Paindéime Covid. Thacaigh na Comhaltaí Tofa go hiomlán leis na bearta a chuireamar i bhfeidhm chun cabhrú le pobail i rith Covid, agus d’fhreagair siad do na srianta nua freisin, sa chaoi go rabhamar in ann a chinntiú go reáchtálfaí ár gcruinnithe Comhairle ar bhealach slán sábháilte.

Nuálach

Sampla amháin é ár seirbhís leabharlainne den chaoi a raibh ar na hÚdaráis Áitiúla a bheith nuálach agus iad féin a oiriúnú. Mar thoradh ar shrianta amhail dúnadh ár leabharlanna ar feadh tréimhsí den bhliain, thugamar mearathruithe isteach ar an soláthar seirbhísí i mbliana. Tá ár ríomhsheirbhísí leabharlainne curtha chun cinn againn agus iad ar fáil ag cách, mar shampla, ríomhleabhair, closleabhair, nuachtáin ar líne, ríomhirisí agus cúrsaí ríomhfhoghlama. Ina theannta sin, táimid tar éis seirbhísí ‘cliceáil agus bailigh’ a thionscnamh.

Borradh faoin ngeilleagar

De réir mar a ghluaisimid ar aghaidh tríd an gcéad chéim eile den phaindéim seo, leanfaidh Comhairle Chontae Shligigh dá ról ríthábhachtach maidir le tacaíochtaí gnó agus pobail éagsúla a chur ar fáil nó a chomhordú. Tá neart clár caipitiúil ar bun sa chontae, agus creidim go gcuirfidh siad sin borradh mór faoin ngeilleagar áitiúil, agus ná bíodh aon amhras ar mhuintir Chontae Shligigh ach go mbeidh Comhaltaí Tofa agus foireann na Comhairle ag obair gan stad gan staonadh ar a son arís sa bhliain 2021.'