Roads Funding

Fáiltíonn An Cathaoirleach Roimh An Leithdháileadh Deontais Do Bhóithre

Fáiltíonn An Cathaoirleach Roimh An Leithdháileadh Deontais Do Bhóithre

Déanfar thart ar €57 milliún a infheistiú i dtógáil, feabhsú agus cothabháil Bóithre Poiblí agus an bhonneagair bhaintigh i Sligeach in 2021.

Tá an Roinn Iompair tar éis tabhairt le fios do Chomhairle Chontae Shligigh go mbeidh siad ag fáil leithdháileadh Deontais le haghaidh Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla in 2021 arb ionann é agus €15,338,516. Ba é €17,879,738 an leithdháileadh a fuarthas in 2020, agus áiríodh leis sin beagnach €4 mhilliún le haghaidh thógáil Bhóthar Dáileacháin an Iarthair. Má dhéantar coigeartú i bhfianaise an fhigiúir sin, tá leithdháileadh iomlán 2021 méadaithe faoi thart €1.5 milliún i gcomparáid le figiúirí 2020. Táimid an-sásta leis an méadú sin thar na príomhchatagóirí maoinithe.

D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, Dara Mulvey, le fógairt an leithdháilte:

‘Sa lá atá inniu ann, creidim go bhfuil an maoiniú seo thar a bheith suntasach maidir lenár gclár bóithre ina iomláine. Rinneadh €7.3M a leithdháileadh le haghaidh Feabhsúcháin Athchóirithe agus €1.2M le haghaidh Cothabháil Athchóirithe, agus cabhróidh an maoiniú sin linn go háirithe, oibreacha bunriachtanacha a chur i bhfeidhm ar ár líonra bóithre ar fud an chontae.’

Príomheilimintí eile a bhaineann le leithdháiltí 2021:

  • Bhí méadú €422,000 ar Dheontas um Fheabhsúcháin Athchóirithe 2021 i gcomparáid le figiúr 2020, agus is ionann sin agus iomlán de €7,319,500.
  • Bhí luach €1,225,000 ar Dheontas um Chothabháil Athchóirithe 2021 i gcomhair oibreacha cóirithe dromchla, figiúr atá cosúil leis an maoiniú a fuarthas sa deontas sin in 2020.
  • Méadaíodh leithdháileadh 2021 le haghaidh Cothabháil Athchóirithe Fhorlíontach faoi €117,000 i gcomparáid le figiúr 2020, go dtí iomlán de €875,000.
  • Leithdháileadh méid beagáinín laghdaithe de €2,297,500 dár nDeontas Lánroghnach, agus leithdháileadh €453,500 dár nDeontas Athshlánaithe Droichead, a chuimsíonn 14 dhroichead ar fud an chontae; tá laghdú €35,000 i gceist ansin i gcomparáid le leithdháileadh 2020.
  • Tá leithdháileadh breise de €120,000 faighte ag an R284 Bóthar an Ghleanna i mbliana faoin Deontas Feabhsúchán Sonrach, agus tá fáilte mhór curtha roimh an leithdháileadh €400,000 a fuarthas le haghaidh Bhóthar Ceangail Shráid an Bhurtúnaigh chun an Scéim sin a bhrú chun cinn.
  • Tá €250,000 leithdháilte do Dhroichead na Garbhóige Thoir chun an Dearadh Mionsonraithe agus ullmhú an Doiciméid Conartha a thabhairt chun críche.
  • Tá leithdháileadh €255,000 curtha ar fáil le haghaidh Oibreacha Feabhsúcháin ar mhaithe le Sábháilteacht in 8 dtionscadal ar fud an chontae, agus is laghdú faoi €15,000 é sin ar fhigiúr 2020. Fuarthas €573,238 freisin i gcomhair Oibreacha Draenála, figiúr is ionann nach mór agus figiúr 2020.
  • Fuarthas leithdháileadh sonrach de €350,000 le haghaidh oibreacha athdhromchlaithe ar an R287 Bóthar an Phiarsaigh chuig an gCeathrú Rua.

Ag labhairt di faoin scéal, dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí Gníomhach Emer Concannon,

‘Mar thoradh ar leithdháileadh an lae inniu, i dteannta leis an maoiniú Bhonneagar Iompair Éireann (TII) a fógraíodh i mí na Nollag agus cion Chlár Bóithre na Comhairle féin, beimid in ann dul chun cinn a dhéanamh maidir le hullmhú Clár Oibreacha Bóthair le haghaidh 2021. Cuirfear an Dréacht-Chlár Oibreacha Bóthair faoi bhráid gach Ceantair Bhardasaigh i mí an Mhárta agus faoi bhráid na Comhairle ina hiomláine i mí Aibreáin.

Arsa Príomhfheidhmeannach Gníomhach Tom Kilfeather, ‘Má thógaimid an maoiniú TII a fógraíodh i mí na Nollag, leithdháileadh an lae inniu ón Roinn Iompair, agus cion Chlár Bóithre na Comhairle féin i dteannta a chéile, déanfar infheistíocht iomlán thart ar €57 milliún i dtógáil, feabhsú agus cothabháil Bóithre Poiblí agus an bhonneagair bhaintigh i Sligeach in 2021.

Mar is gnáth, leanfaimid dár gcomhar leis an Roinn chun tairbhe a bhaint as aon deiseanna maoinithe eile a d’fhéadfadh teacht aníos i rith 2021 ionas gur féidir linn tuilleadh maoinithe a mhealladh chuig an gClár Bóithre, go háirithe i ndáil le maoiniú CIS, LIS, CLAR agus Taistil Ghníomhaigh.’