N4 Official Opening - Gaeilge

Sprioc suntasach bainte amach do Shligeach agus don Iarthuaisceart anois agus Bóthar nua an N4 á oscailt

Sprioc suntasach bainte amach do Shligeach agus don Iarthuaisceart anois agus Bóthar nua an N4 á oscailt

Inniu, osclóidh an Taoiseach Micheál Martin, TD Tionscadal an Bhóthair Nua ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní i gContae Shligigh. Tá an bóthar seo ar cheann de na chéad Tionscadail Bóithre Náisiúnta atá le cur ar fáil faoi chuspóir nascachta réigiúnaí Thionscadal Éireann 2040.

Leis an Tionscadal Bóthair 15km seo, a chosain €140 milliún, feabhsófar go mór sábháilteacht pobal agus úsáideoirí bóthair, laghdófar amanna turais idir Baile Átha Cliath agus Sligeach, agus beidh na hamanna turais sin níos iontaofa. Déanfar Sligeach agus an Iarthuaisceart níos tarraingtí ó thaobh infheistíochta agus turasóireachta de, leis. Osclaíodh le haghaidh tráchta é i mí Lúnasa 2021.

 

Bhí an méid seo le rá ag an Taoiseach Micheál Martin, T.D.:

“Saol daoine a fheabhsú, sin bun agus barr an tionscadail seo. Cuirfidh sé feabhas mór ar shábháilteacht ar bhóithre do phobail áitiúla agus do gach duine a théann idir Sligeach agus Baile Átha Cliath.

Spreagfaidh an bóthar nua fás agus forbairt inbhuanaithe sa réigiún chomh maith, a mheallfaidh tuilleadh infheistíochta agus fostaíochta isteach i Sligeach agus san Iarthuaisceart.

Cuirfidh sé le caighdeán na beatha sa phobal seo agus feabhsóidh inrochtaineacht, rudaí a dhéanfaidh an ceantar níos tarraingtí fós ó thaobh infheistíochta de agus a fheabhsóidh an saol do na daoine a chónaíonn agus a oibríonn anseo.”

 

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton, T.D.:

“ní hamháin gur sprioc thábhachtach í oscailt an N4 inniu do Shligeach agus do na pobail agus na gnóthais a bhfreastalóidh sé orthu, ach is sprioc ríthábhachtach í ó thaobh na sábháilteachta ar bhóithre de chomh maith. Is oth liom a rá gur cailleadh 30 duine le 30 bliain anuas ar sheanbhóthar an N4. Táim muiníneach, áfach, go bhfágfaidh na 15km de Phríomhbhhóthar Náisiúnta nua go mbeidh sé níos sábháilte sna blianta amach romhainn dóibh siúd a dhéanann an turas chun na hoibre nó na scoile gach lá, nó do dhaoine a thaistealaíonn le cuairt a thabhairt ar chairde agus ar dhaoine muinteartha. Cé nach féidir praghas a chur ar bheatha duine a thabhairt slán ar ár mbóithre, meastar, bunaithe ar na tuartha is déanaí, go dtiocfaidh laghdú 27 ar líon na mbásanna agus laghdú 87 ar líon na ngortuithe tromchúiseacha ar an mbóthar seo faoin mbliain 2051 mar thoradh ar infheistíocht €140 milliún an Rialtais sa phíosa bonneagair ríthábhachtach seo.”

 

Ag cur fáilte roimh an tionscadal, dúirt an Clr. Paul Taylor, Cathaoirleach Chomhairle contae Shligigh, gur

“Tionscadal tábhachtach é seo do gach uile dhuine i Sligeach. Trí charranna agus trucailí a bhaint de sheanbhóthar an N4 agus é a athainmniú ina bhóthar áitiúil le raon rothair nua, beidh muintir na háite níos sábháilte agus cuirfear ar a gcumas turais ghearra áitiúla a dhéanamh de shiúl na gcos nó ar rothar. D’fhéadfadh sé an geilleagar áitiúil a athrú ó bhonn, poist a mhealladh isteach sa réigiún agus Sligeach a dhéanamh níos sábháilte dóibh siúd a chónaíonn, a oibríonn agus a thagann anseo.”

 

Fíricí maidir leis an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní

  • Ceann de na chéad Tionscadail Bóithre Náisiúnta atá le cur ar fáil faoi chuspóir nascachta réigiúnaí Thionscadal Éireann 2040
  • Tagann sé in ionad an tseanbhóthair, a cailleadh 30 duine air le himeacht 30 bliain
  • Meastar go mbeidh laghdú 27 ar líon na mbásanna agus laghdú 87 ar líon na ngortuithe tromchúiseacha faoin mbliain 2051 dá bharr
  • 15km de Phríomhbhóthar Náisiúnta nua, a chuimsíonn 1km de charrbhealach ó Sheachbhóthar an Chorrshléibhe go timpeallán nua ag Béal Átha na gCarraigíní, agus nach mór 14km de dhébhealach go Cúil Mhuine.
  • 4km de ghlasbhealach (bealach rothaíochta)
  • Deis le bealach deighilte rothaíochta 11km a fhorbairt taobh le seanbhóthar an N4 amach anseo
  • Costas an tionscadail €140 milliún
  • Cuireadh tús leis an obair thógála in 2019 agus níor thóg sé ach dhá bhliain go leith chun í a chur i gcrích.

 

Bhí an méid seo le rá ag Cormac O'Rourke, Cathaoirleach Bhonneagar Iompair Éireann (TII):

“Sampla den scoth é tionscadal an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní de na huasghráduithe atá de dhíth ar an líonra náisiúnta bóithre chun sainchúram TII a chomhlíonadh maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú faoi Thionscadal Éireann 2040. I gcomhar le hÚdaráis Áitiúla, leanann TII air ag cur na bhfeabhsuithe seo i bhfeidhm ar fud an líonra náisiúnta bóithre seanbhunaithe, chomh maith le caoi a choinneáil ar an líonra atá ann cheana. Is ar bhonn an chomhair sin ar na leibhéil náisiúnta agus áitiúla a chuirfear na gnéithe uile a bhaineann le Bóithre Náisiúnta i dTionscadal Éireann 2040 chun cinn.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, Martin Lydon:

“Tá Sligeach ina Ionad Fáis Réigiúnaigh ainmnithe i bplean Tionscadal Éireann 2040. Nascacht idir lárionaid uirbeacha agus na réigiúin a fheabhsú agus a uasghrádú, agus dlúthfhás a chinntiú, is iadsan na rudaí atá i gcroílár Thionscadal Éireann 2040. Trí iontaofacht an ama turais idir Baile Átha Cliath agus Sligeach a fheabhsú, déanfar Sligeach níos tarraingtí ó thaobh forbairt gheilleagrach de, rud a spreagfaidh infheistíocht, cruthú post agus turasóireacht amach anseo.”

 

Bealach an N4

Tá úsáideoirí bóthair atá ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Sligeach á dtreorú anois chuig an débhealach nua ag Béal Átha na gCarraigíní. Leanann an bóthar nua ar aghaidh ar feadh 13.8km ansin, go Cúil Mhuine, áit a gceanglaíonn sé leis an débhealach atá ann cheana ag timpeallán an N4/N17, 12km amach ó Shligeach. Tá beagán níos lú ná 1km de charrbhealach náisiúnta ina chuid den tionscadal seo. Tá 12 dhroichead i scéim an bhóthair nua, lena n-áirítear ceithre dhroichead os cionn an bhóthair, sé cinn faoi bhun an bhóthair, agus dhá dhroichead abhann.

Is í Oifig Tionscadail Bóithre Náisiúnta TII i gComhairle Contae Shligigh a chuir an tionscadal áirithe seo ar fáil, le tacaíocht iomlán ó Bhonneagar Iompair Éireann. Ba é Barry Transportation ionadaí na bhfostóirí agus Roadbridge an conraitheoir. Ba iad Fehily Timoney, Byrne Looby, agus Clandillon Dearthóirí an Chonraitheora.

 

Sligeach: 13 bhFíric

  • Aitheanta mar Ionad Fáis Réigiúnaigh i dTionscadal Éireann 2040
  • Seoladh Tionscadal Éireann 2040 i Sligeach – in 2018
  • Daonra 65,535 (Daonáireamh 2016)
  • 37% den daonra faoi 30 bliain d’aois
  • Freastalaíonn 10,000+ mac léinn ar choláiste agus ollscoil 3ú leibhéal Shligigh
  • 232 micrea-ghnóthas ar Liosta Cliant na hOifige Fiontar Áitiúil (LEO)
  • 500,000+ turasóir (2019)
  • D’fhan turasóirí 4,630 oíche (2019)
  • Súil le €150m sa turasóireacht faoi 2023
  • Leathanbhanda 1 ghigighiotán i gCathair Shligigh
  • 67km go hInis Ceithleann
  • 54km go hAerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire
  • 207km ó Bhaile Átha Cliath

 

Sligo N4 Collooney to Castlebaldwin Project (PDF) - 2,074 kbs  PDF