Inaugural meeting

Cruinniú Tionscnaimh Choiste um Beartais Straitéiseacha na Rannóige Seirbhísí Tithíochta & Corparáideacha

Cruinniú Tionscnaimh Choiste um Beartais Straitéiseacha na Rannóige Seirbhísí Tithíochta & Corparáideacha

Reáchtáil Rannóg Seirbhísí Tithíochta & Corparáideacha Choiste um Beartais Straitéiseacha (SPC) Chomhairle Contae Shligigh an cruinniú tionscnaimh de théarma reatha na Comhairle ar an 16 Lúil i Halla an Chontae.

comhaltaí Comhairle agus ionadaithe pobail agus leasanna earnála an chuid eile de bhaill an choiste.  

Tá ceithre SPC ag Comhairle Contae Shligigh, agus tá ról lárnach acu i dtaobh cabhrú leis an gComhairle agus comhairle a chur orthu i ndáil lena bhfeidhmeanna straitéiseacha agus le forbairt beartais.

An Clár Tithíochta

Chuir Bartley Gavin, Stiúrthóir ar Sheirbhísí Tithíochta agus Corparáideacha, tuairisc i láthair ina leagtar amach sonraí faoi Chlár um Chaipiteal Tithíochta Chomhairle Contae Shligigh don tréimhse 2017–2020; go dtí seo, tá 236 aonad tithíochta as sprioc de 384 aonad tugtha chun críche.

Ar na scéimeanna atá idir lámha faoi láthair, tá scéim 28 aonad ag Bóthar na Cnapaí, a bheidh críochnaithe níos déanaí i mbliana; tá scéim deich n-aonad ag an Droim Mór Thiar, atá le bheith críochnaithe i ráithe 2, 2021; agus táthar le tús a chur go gairid le scéim deich n-aonad a thógáil ag Páirc Uí Chonghaile i dTobar an Choire.

Cuireadh an coiste ar an eolas freisin faoin tionscadal ‘Tithíocht chun Tosaigh san Iarthuaisceart’, atá ceaptha freastal ar riachtanais daoine atá gan dídean go fadtréimhseach. Díríonn ‘Tithíocht chun Tosaigh’ ar thionóntacht a fháil do dhaoine aonair agus ansin réimse tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh chun cabhrú leo a dtionóntacht a choinneáil.    

An Coiste Comhairleach um Míchumas

Tá Coiste Comhairleach um Míchumas Chomhairle Contae Shligigh faoi shainchúram an SPC. Tugadh le fios ag an gcruinniú gur in 2006 a bhunaigh an Chomhairle Coiste Comhairleach um Míchumas den chéad uair, agus an ról a bhí aige ná fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán leis an earnáil míchumais agus a chinntiú go mbeadh nascacht idir beartais na Comhairle agus fadhbanna i dtaca leis an míchumas. Áirítear leo siúd ar an gcoiste comhaltaí tofa, foireann údaráis áitiúil, daoine faoi mhíchumas, ionadaithe ó ghrúpaí abhcóideachta ar son lucht míchumais, agus gníomhaireachtaí bainteacha.

Tar éis próiseas comhairliúcháin leathan, seoladh ‘Straitéis um Míchumas, Ionchuimsiú agus Rochtain 2019–2022’ Chomhairle Contae Shligigh i mí na Bealtaine 2019.

Baill SPC Seirbhísí Tithíochta & Corparáideacha

  • An Comhairleoir Arthur Gibbons (Cathaoirleach)
  • An Comhairleoir Declan Bree
  • An Comhairleoir Tom Fox
  • An Comhairleoir Martin Baker
  • An Comhairleoir Gino O’Boyle

Ionadaithe earnála

  • Pat Fallon
  • Karl Kelly
  • Pippa Black
  • Alan McMenamin
  • Melinda Swan

 

Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Shligigh