Historic Structures Funding 2021

Maoiniú fógartha do cheithre fhoirgneamh stairiúla i Sligeach

Tá fáilte curtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, roimh fhógra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin maoiniú atá le cur ar fáil do thionscadail faoi ‘Chiste na Struchtúr Stairiúil, 2021’.

‘Dea-scéala é seo dár nÚdarás agus dár gcontae. Tá cosaint ár gcuid oidhreachta tógtha ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá againn, agus cuirfidh an maoiniú seo ar ár gcumas pleanáil a dhéanamh le cuid de na struchtúir stairiúla is suntasaí atá againn a chaomhnú agus a chosaint.’

Fógraíodh maoiniú €117,000 do thionscadail i gContae Shligigh:

Iar-Mhonarcha Bachelor, Cé na Domhainmhara, Sligeach €32,000
An Sean-Scioból, Ceathrú an Gharraí, Béal Trá €15,000
Lóiste Geata Reilig Shligigh €50,000
Iar-Shiopa J. Harte, 9 Sráid Eoin, Sligeach €20,000

 

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Thoghchánaigh, Malcolm Noonan, TD:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil infheistíocht eile €3m le déanamh inár gcuid oidhreachta tógtha. Cabhróidh Ciste na Struchtúr Stairiúil i mbliana le 85 úinéir agus cosantóir struchtúr stairiúil agus cosanta ar fud na tíre tabhairt faoi raon tionscadail chaomhnaithe d’fhonn ár gcuid oidhreachta tógtha a dheisiú agus a chosaint, rud a thacóidh freisin le fostaíocht áitiúil d’oibrithe caomhnaithe agus ceardaithe oilte.’

D’fháiltigh Cathaoirleach Fhóram Oidhreachta Shligigh, an Comhairleoir Donal Gilroy, roimh an leithdháileadh deontais do Shiopa Harte ar Shráid Eoin, agus dúirt sé:

‘Tá ríméad orainn a fheiceáil go mbeidh Siopa Harte in ann leas a bhaint as an maoiniú seo, go háirithe toisc go bhfuil sé ar cheann de chúig thionscadal sa tír a gheobhaidh an cúnamh seo faoi shruth píolótach nuabhunaithe d’aghaidheanna stairiúla siopaí.’

Cuirfidh Ciste na Struchtúr Stairiúil ar chumas na nÚdarás Áitiúil tabhairt faoi oibreacha caomhnaithe ar struchtúir oidhreachta, bídís faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí.

Tá an Ciste dírithe go príomha ar struchtúir agus foirgnimh stairiúla a chaomhnú agus a fheabhsú ar mhaithe le pobail ar leith agus leis an bpobal i gcoitinne.