Achoimre Nuachta, Samhain 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Samhain 2016

Ainmniúcháin á Lorg do Ghradaim an Chathaoirligh, 2016

Sheol Comhairle Contae Shligigh Gradaim an Chathaoirligh, 2016 le gairid.  Tá sé mar aidhm ag na gradaim onóir a thabhairt dóibh siúd atá tar éis seirbhís dheonach thar na bearta a thabhairt dá bpobal sna catagóirí seo a leanas

  • Pobal (duine aonair) 
  • Scoileanna (grúpa/rang)
  • Pobal (grúpa) 
  • Fiontraíocht Óg
  • Comhshaol/Oidhreacht 
  • Gradam Spiorad Shligigh
  • Spóirt 
  • Ealaíona agus Cultúr

Bronnfar saothar arna choimisiúnú go speisialta ar bhuaiteoir gach catagóire ag Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl in Áras an Chontae, Dé Céadaoin, an 14 Nollaig. Ní mór d’ainmniúcháin a bheith istigh faoi Dé Céadaoin, an 30 Samhain 2016

Bratach Chorcra

Bhí Sligeach maisithe i gcorcra le déanaí nuair a ghlac siopaí áitiúla agus siopadóirí páirt i ndeireadh seachtaine le ceiliúradh a dhéanamh ar an mBratach Chorcra.  Déanann an gradam, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta air, ceiliúradh ar shábháilteacht agus cultúr sa gheilleagar tráthnóna agus oíche atá ann i mbaile nó i gcathair agus bronnadh ar Shligeach le déanaí é don dara bliain as a chéile.  

Mar chuid den cheiliúradh, reáchtáil Ceantar Feabhsaithe Gnó (BID) Shligigh comórtas do ghnóthais áitiúla a mhaisigh a bhfuinneoga i dtéama corcra. Bhí an bua ag an dearthóir áitiúil Martina Hamilton, ar léi The Cat and the Moon, Sráid an Chaisleáin, Sligeach.  

Le tuilleadh eolais a fháil faoi shaothar Cheantar Feabhsaithe Gnó Shligigh, téigh chuig sligobid.ie