Achoimre Nuachta, Meán Fómhair 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Meán Fómhair 2016

Bóthar Roger Eames

D’éirigh le cailín 12 bhliain d’aois a chur ina luí ar chomhaltaí Chomhairle Contae Shligigh gur chóir dóibh ainm a seanathar a chur ar bhóthar.  Scríobh Alison Eames, as Corcaigh, chuig Comhairle Contae Shligigh lena insint dóibh gur “mhian” léi go mbronnfaí an onóir sin ar Roger Eames tar éis a bháis in 2015. Tharla sé gur fíoraíodh a brionglóid Dé Sathairn, an 3 Meán Fómhair 2016, tráth ar tháinig an Méara, Comhairleoirí áitiúla, cónaitheoirí agus muintir Eames le chéile le bheith i láthair nuair a nochtadh an comhartha atá tiomnaithe don Uasal Eames.

Bhí Roger tiomanta d’fhorbairt na n-óg, agus chuir sé idéil agus éiteas na gcluichí pobail ina luí ar dhaoine óga. Ómas cuí atá ann go bhfuil an bóthar a bhfuil a ainm air anois lonnaithe i gcroílár an phobail ar fhreastail sé air agus a raibh grá aige dó, áit atá díreach in aice le Páirc Mhuire agus Páirc Mitchell Curley.

 

Comóradh 35 bliain an Chairdis le Crozon na Fraince

Ag fáiltiú a chuir an Cathaoirleach ar siúl le déanaí in Áras an Chontae, rinneadh an Chairt Chleamhnais idir Sligeach agus Crozon na Fraince a atiomnú ar chothrom an lae a síníodh an Chairt bhunaidh 35 bliain ó shin. Tá ag éirí go hiontach leis an gcleamhnas ó shin i leith a bhuíochas leis an dá choiste cleamhnais thar aon ní eile de bharr go bhfuil siad chomh tiomanta sin don tionscadal.