Achoimre Nuachta, Feabhra Márta 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Feabhra & Márta 2016

Tá curtha in iúl ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt do Chomhairle Contae Shligigh go bhfuil €4 milliún leithdháilte i gcomhair oibreacha deisiúcháin ar bhóithre le dul i ngleic leis an damáiste a tharla le linn na drochaimsire i mí na Nollag 2015.

Tabharfar tús áite d’oibreacha deisiúcháin ar bhóithre, ar dhroichid agus ar an sruthchóras, agus d’oibreacha coisctheacha le haghaidh a thabhairt ar thuilte ar bhóithre, go háirithe i gcás na mbóithre atá ag tuile arís is arís eile le blianta beaga anuas.  

D’éirigh le Comhairle Contae Shligigh an babhta ceannais a bhaint amach i nGradaim Ghnó an Chumainn Bainistíochta Bailte agus Cathracha (An Ríocht Aontaithe agus Éire) mar gheall ar an rath a bhí orthu ó thaobh tacú le lár Chathair Shligigh a fheabhsú le dhá bhliain anuas.

Comhlacht a bhfuil ardmheas air is ea an Cumann Bainistíochta Bailte agus Cathracha (CBBC) a chuireann barr feabhais chun cinn sa bhainistíocht bailte agus cathracha ar an leibhéal Eorpach agus domhanda araon. Tugann Gradaim CBBC aitheantas don mhéid atá déanta ag príomhpháirtithe leasmhara (pobail ghnó, údaráis áitiúla agus cónaitheoirí) le príomhshráideanna, bailte agus láir a fheabhsú.  

Chuir Marian O’Callaghan, Ailtire Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Shligigh, tuairisc chun dáta faoi bhráid cruinnithe de chuid na Comhairle maidir le “hOllphlean Athbheochan Oirthear agus Phurláin Chathair Shligigh (An Crann Mór)”.  Tugadh breac-chuntas ar na príomhphointí, chomh maith le próiseas an Ollphlean, an Plean Sóisialta, an Plean Eacnamaíoch, tionscadail an Ollphlean agus téamaí le haghaidh maoiniú athraithe agus athbheochan.

Mhol Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach, an comhairliúchán forleathan a rinneadh le gach ceann de na chumainn cónaitheoirí sa Chrann Mór agus dúirt sé go raibh sé ar cheann de na píosaí oibre comhairliúcháin is fearr dá bhfaca sé riamh, rud a fhágann go mothaíonn muintir na háite go léirítear meas dóibh agus go dtugtar cead cainte dóibh.  

Rinneadh Keith Henry, arb as Cill Fhábhail, Baile an Mhóta dó, a chomhthoghadh chun Chomhairle Contae Shligigh le suíochán Eamon Scanlon a líonadh tar éis a thofa chun Dháil Éireann. Rinneadh an tUas. Henry a chomhthoghadh go foirmiúil ag cruinniú speisialta de Chomhairle Contae Shligigh Dé Luain, an 14 Márta.

Gheall an Leaschathaoirleach Paul Taylor agus Tom Kilfeather, Stiúrthóir Seirbhísí, gach cúnamh dó agus é i mbun oifige.

Dúirt an Comhairleoir Henry gur mhór an onóir dó agus dá theaghlach a bheith comhthofa chun an tsuíocháin a d’fhág Eamon Scanlon. Dúirt sé freisin go raibh sé ag tnúth go mór le hobair a dhéanamh as lámha a chéile lena chuid comhghleacaithe i Seomra na Comhairle d’fhonn Sligeach a chur chun cinn.  Rinne comhaltaí den Chomhairle comhghairdeas le hEamon as a thoghadh chun Dháil Éireann le déanaí.