Achoimre Nuachta, Feabhra 2017

Achoimre Nuachta, Feabhra 2017

Ghabh comhaltaí tofa agus foireann Chomhairle Contae Shligigh buíochas leis an gComhairleoir Seán Mac Manus, a d’fhógair ag an gcruinniú den Chomhairle i mí Feabhra go mbeadh sé ag dul ar scor tar éis dó 23 bliain a chur isteach.

Bhí Seomra na Comhairle lán go béal agus thug gach duine de chomhghleacaithe Sheáin aitheantas dá shaol poiblí fada.

Ina óráid, dúirt sé gur mhór aige na cairde uile a rinne sé ó toghadh chun Chomhairle Buirge Shligigh den chéad uair é sa bhliain 1994, áit ar fhóin sé mar an Méara sa bhliain 2000 agus sa bhliain 2003, agus chuir sé in iúl gur mhór an onóir dó bheith mar Chéad Saoránach Shligigh sna blianta sin.

Thug an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes, thar ceann na foirne, aitheantas don mhéid a rinne Seán mar cheannaire agus mhol an t-sárobair a rinne sé tráth a raibh sé ina chathaoirleach ar an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil nuabhunaithe. 

D’éirigh le hAmharclann Hawk's Well cistiú caipitil €550,000 a bhaint amach. Is í an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, a d’fhógair an dea-scéala le déanaí.

Meastar go gcosnóidh an tionscadal thart ar €1.1 milliún agus is ionann an cistiú agus 50% den chaiteachas sin.  Thug Marie O’Byrne, Stiúrthóir Hawk’s Well, aitheantas don tacaíocht chistiúcháin a fhaightear ó Chomhairle Contae Shligigh ar bhonn leanúnach.