Achoimre Nuachta, Aibreán Bealtaine 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Aibreán/Bealtaine 2016

Aibreán/Bealtaine 2016

Glantachán Náisiúnta an Earraigh

Chuaigh Sarah McGovern, mainicín/ambasadóir fheachtas Ghlantachán Náisiúnta Earraigh an Taisce, i gcomhar le Comhairle Contae Shligigh le tús a chur le feachtas an Ghlantacháin Náisiúnta Earraigh. Tugann An Taisce paca glantacháin SAOR IN AISCE do gach oibrí deonach a chláraíonn don fheachtas.   Cuireann Comhairle Contae Shligigh málaí agus lámhainní ar fáil in aisce chomh maith.  

Lá Comórtha Shligigh, 1916-2016

Reáchtáladh ócáid le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Comórtha Shligigh, 1916-2016, Dé Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 i gcuimhne ar Éirí Amach na Cásca, a thit amach 100 bliain ó shin.  D’inis an Cathaoirleach Rosaleen O’Grady do mhuintir na bhfear agus na mban as Sligeach a bhí páirteach san Éirí Amach in 1916 gurbh iadsan a bheadh i lár an aonaigh ar an lá.  Chuir an Cathaoirleach fáilte agus fiche roimh na daoine muinteartha chuig Halla na Cathrach agus d’óstáil fáiltiú ina n-onóir.  ‘Sa bhliain náisiúnta machnaimh agus athnuachana seo, tá an ócáid cheiliúrtha ar leith seo, nach bhfaighfeá in aon áit eile seachas Sligeach, á reáchtáil againn, agus is mór an onóir dúinn go bhfuil daoine muinteartha agus sliochtaigh de chuid na bhfear agus na mban arbh as Sligeach dóibh a bhí páirteach i 1916 anseo in éineacht linn inniu.

Is cuimhin linn a raibh i gceist ag staraí amháin nuair a dúirt sé ‘Gnáthshaolta na ngnáthfhear.’  Is minic go léirítear fir agus mná an Éirí Amach mar aislingigh agus mar fhilí; agus cé go raibh páirt nár bheag ag ár gcuid traidisiún liteartha, ceoil agus cultúrtha ina saol, bhí i bhfad ní ba mhó ná sin i gceist leo – tá mórchuid na staraithe den tuairim gur ghníomhaithe rídíograiseacha iad, a thacaigh go paiseanta le rannpháirtíocht na ndaoine agus le saoránacht. Tá sé d’ádh againn inniu teacht le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar a saolta, le haitheantas a thabhairt dá misneach agus le honóir a thabhairt dóibh.’  

Music Rising

Is i gCarrchlós Shráid Stiofáin a bhí ‘Music Rising’ ar siúl, ceolchoirm saor in aisce a raibh roinnt de na grúpaí is mó as Sligeach páirteach inti, lena n-áirítear Michael Rooney agus Daon-Cheolfhoireann Shligigh, Dervish, Rackhouse Pilfer, Moxie, NoCrows, Séamaí O’Dowd agus Kieran Quinn.  Tugadh imeachtaí an lae chun críche le taispeántas spleodrach tinte ealaíne. 

Bál an Mhéara

Tá na socruithe i gcomhair Bhál an Mhéara, 2016 dearbhaithe ag Méara Cheantar Bardasach Shligigh, an Comhairleoir Thomas Healy.   Beidh an ócáid ar siúl Dé Sathairn, an 28 Bealtaine in Óstán Clarion, Sligeach i mbliana. Beidh John Delaney, Príomhfheidhmeannach an FAI, ina aoichainteoir ar an oíche.  Bainfidh roinnt carthanas áitiúil buntáiste as an oíche, lena n-áirítear Ospís an Iarthuaiscirt, Ospidéal na Leanaí, Sráid TeampaillCumann Galar Néarón Luadrach na hÉireann (IMNDA), agus Cúramóirí Teaghlaigh na hÉireannTá €60 ar thicéid, praghas a cheapaimid atá an-réasúnta.