Achoimre Nuachta, Nollaig 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Nollaig 2016

D’óstáil Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Clr. Hubert Keaney, searmanas in Áras an Chontae le déanaí lenár mbuíochas a chur in iúl do bhuaiteoirí Ghradaim an Chathaoirligh 2016. Tugadh isteach na Gradaim le haitheantas a thabhairt don mhéid a dhéanann oibrithe deonacha i réimse leathan gníomhaíochtaí áitiúla.

Ina óráid, mhol an Cathaoirleach na buaiteoirí go hard na spéire. ‘Is annamh a thagaimid le chéile mar phobal le buíochas a ghabháil do na hoibrithe deonacha a dhéanann an t-uafás oibre inár bpobal, ar daoine iad a thugann a gcuid ama, díograise agus saineolais faoi chroí mór maith ar leas an phobail. Deis is ea an searmanas bronnta seo do Chomhairle Contae Shligigh a léiriú go bhfuil ár mbuíochas ag dul do ghrúpaí pobail, cumainn agus daoine aonair ar fud fad Chontae Shligigh. 

Is iad Kate, Tom agus Paddy Gavin a bhí ag ceol ag an searmanas.  

Buaiteoirí Ghradaim an Chathaoirligh, 2016
Catagóir Buaiteoir Arna bhronnadh ag 
Catagóir Buaiteoir Arna bhronnadh ag 
Ealaíona agus Cultúr  Eileen Tighe An Clr. Gino O’Boyle
Pobal – Duine aonair Tom Haran Karen McGarty
Pobal – Grúpa   Grúpa Fear Cheathrú na Mainistreach An Clr. Declan Bree
Comhshaol agus Oidhreacht  Coiste Bailte Slachtmhara Chúil Áine/Ghort na Cloiche An Clr. Dara Mulvey 
Scoileanna Coláiste Iascaigh An Clr. Seán MacManus
Fiontraíocht Óg Coláiste Ursuline An Clr. Seamus Kilgannon
Spóirt Martin Seery An Clr. Rosaleen O’Grady
Spiorad Shligigh Julian Cassells An Clr. Hubert Keaney