Achoimre Nuachta, Eanáir 2017

Achoimre Nuachta, Eanáir 2017

Tá Sligeach roghnaithe mar Phríomhchathair na hEorpa um Oibriú go Deonach don bhliain 2017.

SLIGEACH - Príomhchathair na hEorpa um Oibriú go Deonach, 2017!

Éacht ollmhór is ea é do Shligeach gur roghnaíodh í leis an ócáid seo a óstáil, rud a bhfuil tábhacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta ag baint léi.  I measc na mbuaiteoirí roimhe tá Barcelona (2014); Liospóin (2015); Londain (2016).

Leis an ócáid stairiúil seo a cheiliúradh, d’óstáil Comhairle Contae Shligigh oíche speisialta cheoil, amhránaíochta, dhamhsa, agus focail labhartha i gceantar Chnoc na Riabh, Dé hAoine, an 27 Eanáir 2017 le tús a chur le clár na bliana. Bhí roinnt de na ceoltóirí, de na healaíontóirí agus de na taibheoirí is fearr dá bhfuil ann i Sligeach páirteach san oíche spleodrach seo agus chomhroinn agus cheiliúir siad neart agus réimse na cruthaitheachta atá againn i Sligeach.

Cosán na Banríona Méabh - Cnoc na Riabh ar an nGearrliosta i gcomhair Duais Turasóireachta

Tá clú agus cáil ar an láithreán i gCnoc na Riabh ar fud an domhain agus tá sé cáiliúil go háirithe as saibhreas na seandálaíochta atá ann, sa chaoi a bhfuil Carn na Banríona Méabh ina luí ar a mhullach, rud atá 5,500 bliain d’aois agus atá ar an tuama pasáiste is mó dá bhfuil ann taobh amuigh de Ghleann na Bóinne. Nascann gréasán na gcosán a cuireadh ar bun mar chuid den tionscadal seo an dá ní is díol spéise is mó i Sligeach (Cnoc na Riabh agus Trá an Leathrois) le chéile le cosán slán, sábháilte, inbhuanaithe.  Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí ag Searmanas Bronnta Náisiúnta, a bheidh ar siúl Dé hAoine, an 3 Feabhra.