Achoimre Nuachta, Eanáir 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Eanáir 2016

Ag an gcruinniú de Chomhairle Contae Shligigh a bhí ar siúl ar an 11 Eanáir 2016, glacadh leis an bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail, 2016-2020. Cuirfidh an plean seo creat straitéiseach faoin gcomhghníomhaíocht i leith forbairt eacnamaíochta agus phobail i gContae Shligigh as seo go ceann sé bliana.

uirtear ról an rialtais áitiúil chun cinn sa Phlean, áit a gcuirtear in iúl gurb ann don rialtas áitiúil “chun leas agus cáilíocht beatha saoránach agus pobal a chur chun cinn.”  Tá sé ag teacht leis an bhfís atá leagtha amach don rialtas áitiúil in Tús Áite do Dhaoine - Clár Gníomhaíochta i gcomhair Rialtas Áitiúil Éifeachtach chomh maith, .i. “... go mbeidh an rialtas áitiúil ar an bpríomhbhealach rialachais agus seirbhíse poiblí ar an leibhéal áitiúil a chuirfidh an fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus phobail chun tosaigh.”